Teipfidh ar iarrachtaí cur síos ar cur chun cinn na Gaeilge mar rud deighilteach - Coimisinéir
By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 28 January 2026
Tháinig an ordú a leagadh ós comhair Teacht na dTeachtaí i Westminister agus an Ghaeilge ina chonspóid i gcásanna cúirte ó thuaidh.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here )
CREIDEANN AN COIMISINÉAR Gaeilge ó thuaidh nach n-eireoidh le h-iarrachtaí atá á dhéanamh ag líon bheag daoine chun cur síos ar chur chun cínn na teanga mar rud deighilteach tar éis gur thugadh do na cumhachtaí atá de dhith ón lá a thosaigh sé sa phost i mí na Samhna.
B’é seo a bhí le rá i ráiteas ó oifig an Choimisinéara Ghaeilge a éisíodh tar éis gur chuir Stát Rúnaí Thuaisceart Éireann, Hilary Benn , ordú ós comhair Phairlimint na Breataine trathnóna inniu a chuir tús dlithiúil le feidhm cumhachtaí an Choimisinéara Ghaeilge ó thuaidh.
Mar gheall ar seo, tá stadas dlithiúil faoi dheireadh thiar ag an Ghaeilge ó thuaidh faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga.
Thug an Stat Rúnaí Benn léargas ar an amlíne a bhain le dul chun cinn na Gaeilge i ráiteas scríofa a chuir sé ar fáil shuíomh Westminster tráthnóna.
“Bhí creatlach aontaithe chun coimitmintí maidir le féiniúlacht agus teanga a bhrú chun chinn san áireamh sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua a aontaíodh i 2020 chun Feidhmeannas Thuaisceart Éireann a thabhairt ar ais tar éis trí bliana,” dúirt an Stat Rúnaí.
“Fuair an Act Féiniúlachta agus Teanga an Faomhadh Ríoga i mí na Nollaig 2022.”
Sa ráiteas chuir an Stat Rúnaí fáilte roimh chinneadh Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann i mí Dheireadh Fómhair 2025 Pól Deeds a cheapadh ina Choimisinéir Ghaeilge mar aon le coimisinéir don dTraidisiún Albainis Uladh agus Briotánach agus stiurthóir don oifig.
Ceapadh Pól Deeds ina Choimisinéir Ghaeilge ó thuaidh anuraidh ach bhí ar fánacht go dtí an tseachtain seo caite le h-aghaidh na cumhachtaí riachtanacha. Colm Linehan Colm Linehan
I ráiteas ó Oifig an Choimisinéara Ghaeilge, Pól Deeds, dúradh gur ‘forbairt thar a bheith dearfach’ abea teacht i bhfeidhm ‘formhór na bhforálacha eile den Acht Féiniúlachta agus Teanga (TÉ) 2022′.
“Tá príomhchuspóir an Achta – mar atá aitheantas oifigiúil a bhronnadh ar an Ghaeilge, go háirithe trí ról an Choimisinéara Teanga Gaeilge – tá sé sin i bhfeidhm go hiomlán anois.”
”Cuirfidh sé seo le cumas an Choimisinéara leanúint lena chlár comhairliúcháin agus idirphlé.”
Thug an Coimisinéar le fios sa ráiteas go raibh sé i gceist aige meas a léiriú do gach cultúr ina chur chuige mar a bhí déanta aige go dtí seo.
“Ní ligfidh sé dó féin a bheith curtha ar seachrán ag iarrachtaí líon beag daoine le cúpla seachtain agus mí anuas chun cur síos ar chur chun cinn na Gaeilge mar rud deighilteach nó chun feachtasaíocht a dhéanamh in aghaidh Oifig an Choimisinéara Gaeilge,” dúradh sa ráiteas.
“Is cosúil go bhfuil roinnt de na hiarrachtaí seo dírithe ar chur i gcoinne feidhmiú an Achta Féiniúlachta agus Teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeilge.
Is minic go raibh an focal stairiúil luaite leis an nGaeilge ó thuaidh le blianta beaga anuas agus thug Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, amach é dá ráiteas siúd ag cur fáilte roimh an fhorbairt.
“Níl aon amhras ach gur clochmhíle stairiúil eile í seo agus forálacha tosaithe inniu a aithníonn stádas na Gaeilge ó thuaidh go foirmiúil sa dlí,” dúirt sé.
Related Reads ’Níl mise anseo le bheith i mo cheap milleáin’ - Coimisinéir Ghaeilge nua Thuaisceart Éireann Gaeilge an teanga ba dheacra a d’fhoghlaim mé agus is mó sásaimh - Ambasadóir na Breataine Conspóid comharthaíochta Grand Central Station le réiteach ag an gCoimisinéir Gaeilge nua
“Don chéad uair riamh, tá aitheantas oifigiúil agus dlíthiúil don Ghaeilge i bhfeidhm sa dlí.
“Is toradh é sin uilig ar ghníomh agus ar fheachtasaíocht phobal na Gaeilge a d’éiligh cearta, cothromas agus cóir riamh anall.
Chuir Mac Giolla Bhéin fáilte ar leith roimh tús a bheith curtha le feidhm na gcumhachtaí don gCoimisinéir Ghaeilge.
“Tugann na forálacha seo cumhacht don Choimisinéir na caighdeáin dea-chleachtais don Ghaeilge a fhorbairt agus a fhoilsiú.
“Beidh na caighdeáin sin le cur i bhfeidhm ag achan uile cheann de bhreis agus 100 údarás poiblí ó thuaidh san am atá romhainn.”
Tháinig an scéal seo inniu agus dhá chás chúirte ar bun i mBéal Feirste ag Conradh na Gaeilge. I gcás amháin, thug an Breitheamh le fios go ndéanfadh sé a mhachnamh ar dhúshlán a bhí tugtha ag an ghníomhaí aondachtach Jamie Bryson ar chinneadh an Aire Bhonneagair ó Shinn Féin, Liz Kimmins, ordú a thabhairt go gcuirfí comharthaí dhá theangacha le Gaeilge san áireamh sa staisiun iompair i lár Bhéal Feirste, Grand Central Station.
Sa chás eile bhí argóinti le déanamh ag dlíodóirí an Aire Phobail de chuid an DUP, Gordon Lyons, faoin údar a raibh aige moill a chuir ar straitéis Ghaeilge a chuir ós comhair an Fheidhmeannais. Is é seo an tríú uair do Chonradh na Gaeilge athbhreithniú bhreithiúnach a lorg faoin teip seo.
Sa chás faoin Mhór Stáisiúin Lárnach, thug an Choimisinéir Ghaeilge a bharúil ná raibh sé conspóideach go mbeadh comharthaíocht dhá theangach sa bhfoirgneamh. Dar leis gurb é comharthaíocht dhá theangach sampla den chleachtas is fearr go h-idirnáisiunta.
View 3 comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,671 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6940809; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/last-penal-law-outlawing-irish-in-public-life-ended-as-irish-gets-official-status-in-the-north-6940809-Jan2026/?embedpost=6940809&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/last-penal-law-outlawing-irish-in-public-life-ended-as-irish-gets-official-status-in-the-north-6940809-Jan2026/?embedpost=6940809&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/last-penal-law-outlawing-irish-in-public-life-ended-as-irish-gets-official-status-in-the-north-6940809-Jan2026/?embedpost=6940809&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →