Catherine Connolly
By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 16 November 2025
Creideann iar láithreoir Morning Ireland go raibh an mianach in aitheasc insealbhaithe an Uachtaráin Connolly.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
TÁ AN UACHTARÁN nua ar dhroichead idir a seal mar Theachta Dála gníomhach agus ina hiarrthóir ar fheachtas toghcháin agus an saol nua agus í anois in Áras an Uachtaráin, tá sé ráite ag an gcolúnaí agus iar láithreoir ar Morning Ireland, Cathal Mac Coille.
Bhí Mac Coille, a bhíonn ag scríobh colún rialta don suíomh nuachta Gaeilge, Tuairisc , agus ag tabhairt a bharúil ar go leor cláir chúrsaí reatha ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus eile, ag caint le The Journal tar éis do Catherine Connolly bheith insealbhaithe ina 10ú uachtarán ar Éirinn agus bhi sé ag bunú a thuairim ar a aitheasc insealbhaite i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Dé Máirt.
An cur síos a d’úsáid Mac Coille agus é ag caint ar oráid an Uachtaráin nua ná go raibh sé “tomhaiste” agus an míniú a thug sé ar sin ná gur léir ón oráid go raibh an tUachtarán tar éis bheith an chúramach faoin chaint a thug sí ar ábhair áirithe a fhéadfadh teannas a chothú idir Áras an Uachtaráin agus Teach Laighean.
Dúirt sé go raibh an athrú seo aitheanta ag an Uachtarán an oíche a toghadh í agus go raibh an fhorbairt seo le tabhairt faoi ndeara ina haitheasc insealbhaithe freisin ach nach léir go raibh an aistriu déanta go h-iomlán fós.
“Tá sé soiléir go dtuigeann sí agus go bhfuil sí ag luí isteach ar an athrú ar an ról agus í dílis do na haidhmeanna agus na na hábhair a theastaigh uaithi díriú orthu.
“Níor léirigh sí fós go bhfuil an t-athrú sin curtha i gcrich aici ach ní bhéinn ag súil le sin.”
Dúirt sé freisin go raibh “mianach iontach san óráid”, ag rá do go raibh sé “toirtiúil” agus “go raibh an-chur síos ann ar ábhair éagsúla, go h-áirithe na h-ábhair a luaigh sí le linn an fheachtais”.
Cathal Mac Coille, colúnaí le Tuairisc agus iar láithreoir ar Morning Ireland Rolling News Rolling News
Chuir an trachtaire suntas ar leith in abairt amháin ó óráid an Uachtaráin a raibh sa chuid Gaeilge den aitheasc.
“Sibhse, a dúirt sí, agus tá an tagairt iomlán cruinn agam anseo:
Dar le hÓ Coille, is ábairt é seo a fhéadfadh ábhar machnaimh a thabhairt don Taoiseach agus a chomhghleacaithe Rialtais sna laethannta ón insealbhú.
“Tá sí ag díriú ar ábhar ansan a bhaineann, d’fhéadfá a rá, go ginearálta lena cúram mar Uachtarán ach nach mbaineann lena cúram Uachtaránachta in aon chorr mar gur polasaí atá i gceist agus cur chuige Rialtais agus polasaithe cur i bhfeidhm polasaite Rialtais.”
Chuir sé i gcomparáid an abairt sin leis an méid a dúirt a réamhtheachtaí, an tUachtarán Michael D. Ó hUigín maidir leis an ngéarchéim tithíochta nuair a dúirt sé go raibh sé “scannalach”. Dar leis, bhí an tUachtarán Connolly ag díriú isteach ar shonraí beagáinín san abairt sin agus ba léid é sin gur féidir go mbeadh sí sásta rudaí eile a bheadh ag díriú isteach ar shonraí a rá ós ard ar ócáidí eile.
Dúirt sé go bhféadfadh sé tarlú dá n-imeodh sí go h-ionad éigean, ionad sláinte nó láthair oideachais mar shampla, agus go dtárlódh sé go gcuirfí easpa sheirbhísí ar a súile, go ndéarfadh sí rud éigean an uair sin a bheadh mar údar teannais leis an Rialtas mar go mbeadh sí sásta díriú ar an ábhar ar bhealach níos mine fiú ná mar a bhí a réamhtheachtaí.
Thagair sé freisin don mhéid a bhí le rá ag an Uachtarán Connolly faoin neodracht agus faoin mhéid a fhéadfadh tarlú dá rithfeadh an Dáil agus an Seanad Bille ag fáil réidh leis an nglas triarach agus go dtiocfadh an Bille sin ós comhair an Uachtaráin chun go reachtófaí é.
In aitheasc an Uachtaráin, níor thagair sí don ghlas triarach ach dúirt sí go raibh traidisiún fada neodrachta ag an tír agus gur chuir an daonra an stór sa traidisiún sin agus bhí tagairt freisin don dtraidisiún caomhnú síochána atá ag an tír
“Is díol súntais go bhfuil ann do ach sin a bhfuil ann, bhi an tagairt an chúramach agus tomhaiste.”
Related Reads Irish will be to the fore, President Connolly says as she repeats ’working language’ pledge Beidh an Ghaeilge sa chéad áit san Áras, deir an tUachtarán Connolly san aitheasc insealbhaithe ’Tabhachtach go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán, ó thaobh dlí de is mar gur é an Céad Saoránach’
Dúirt sé. áfach, go bhféadfaí go gcothófaí achrann idir an Uachtarán agus an Rialtas sa chás go dtiocfadh Bille ag fáil reidh leis an nglas triarach agus tá gcuirfeadh sí an Bille sin faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí fé mar atá ceadaithe sa Bhunreacht.
Thagair sé do Chonradh Nice a diultaíodh do an chéad uair agus nár glacadh leis go dtí go raibh geallúint tugtha ag an Rialtas go mbeadh an glas triarach i bhfeidhm i dtaca le neodracht na tíre.
Dúirt sé go bhféadfadh seo bheith ina “cheist bheo” don Uachtarán Connolly.
Dúirt sé freisin go raibh an méid a dúirt sí faoi aontacht na tíre cúramach freisin sa mhéid is ná raibh aon tagairt ann do reifreann nó a leithéid.
Ar nós gach cainteoir Ghaeilge chuir sé fáilte roimh an mhéid a dúirt sí faoin nGaeilge agus i nGaeilge san óráid.
“Tá Gaeilgeoir san Áras, rud a fhágann gur ábhar misnigh é agus a chuirfeas áthas ar gach duine, gach Gael, gach duine le Gaeilge, gach cainteoir Gaeilge sa tír.”
Maidir le coimitmint an Uachtaráin Connolly go mbeidh Gaeilge ina teanga oibre san Áras, bhí seo le rá aige.
“Nílim ag déanamh beag is fiú de ach ní dhéanfainn rud mór is fiu de ach an oiread.”
Dúirt sé go raibh go leor san óráid, go raibh “ábhar cainte dúisithe aici” agus gur dócha ná raibh deireadh ráite aici.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
View 9 comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7165905,"title":"Have concert ticket sales completely lost the run of themselves?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/nobody-needs-this-7165905-Sep2026\/","stats":" 9,103 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/nobody-needs-this\/news\/","name":"Nobody Needs This"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166373,"title":"Excitement as scientists discover first new species of wild cat in a century","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/new-wild-cat-species-discovered-7166373-Sep2026\/","stats":" 945 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/news\/","name":null},"image":" ","no_image":""},{"id":7166359,"title":"Bohemians to remain at Dalymount Park until May 2027","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/bohemians-dalymount-park-5-7166359-Sep2026\/","stats":" 515 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/redevelopment\/news\/","name":"Redevelopment"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 4,089 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 5,263 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 15,362 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 16,336 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,942 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,915 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 22,358 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164419,"title":"Jail time: People in Ireland are being detained for a median of 29 days before deportation","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/ireland-deportation-detention-figures-7164419-Sep2026\/","stats":" 20,544 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/immigration\/news\/","name":"Immigration"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6874927; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/anailis-nios-doimhne-ar-aitheasc-insealbhaithe-an-uachtarain-connolly-6874927-Nov2025/?embedpost=6874927&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/anailis-nios-doimhne-ar-aitheasc-insealbhaithe-an-uachtarain-connolly-6874927-Nov2025/?embedpost=6874927&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/anailis-nios-doimhne-ar-aitheasc-insealbhaithe-an-uachtarain-connolly-6874927-Nov2025/?embedpost=6874927&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →