Daidí na Nollag ag freagairt litreacha na bpáistí i nGaeilge
By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 11 December 2025
Tá méadú mór ar na seirbhísí as Gaeilge ag An Post, ag an Nollaig agus le linn na bliana, tá sé ráite ag Oifigeach Gaeilge an chomhlachta.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
MÁ SCRÍOBHANN DO pháistí litir as Gaeilge go Daidí na Nollag, tá sé dearbhaithe ag Oifigeach Ghaeilge An Post go bhfaighidh an páiste litir sa teanga chéanna ar ais ón bhfear groí sa Mhol Thuaidh.
Agus é ag freagairt ceisteanna ó The Journal , dúirt Criostóir Mac Cafraidh gurb é an cheist faoi litreacha as Gaeilge a fháil ó Dhaidí na Nollag má scríobhann páiste chuige sa teanga sin ceann de na ceisteanna is mó a bhfaigheann an chomhlacht gach bliain.
“Is í seo ceann de na ceisteanna is mó a fhaighimid gach bliain: an bhfaigheann páistí freagra i nGaeilge ó Dhaidí na Nollag má scríobhann siad chuige?” dúirt sé.
“Faigheann! Agus ní hamháin sin, ach tá an traidisiún seo beo bríomhar leis na blianta.
“Nuair a thagann litir i nGaeilge isteach chuig an Mol Thuaidh, oibríonn An Post go dlúth leis na síofraí agus le Daidí na Nollag go bhfaigheann an páiste freagra ar ais. Tá an tseirbhís seo feabhsaithe fós le blianta beaga anuas mar gheall ar an Acht nua agus an méadú leanúnach ó thaobh éilimh de.”
Ní i gcónaí a raibh sin fíor mar sara tháinig forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm do An Post, is freagra dhá theangach, a bhfurmhór i mBéarla, a bhfaigheadh páistí a scríobhfadh chuig Daidí na Nollag.
I Nollaig 2005, scrígh eagarthóir an nuachtáin laethúil Ghaeilge Lá (ba mise an eagarthóir sin) litir chuig páiste a scrígh chuig an nuachtán ag fiafraí an raibh Gaeilge ag Daidí na Nollag agus foilsíodh an litir ar an bpríomh leathnach, rud a chuir an spotsholas ar an bhfadhb áirithe seo ag an am.
Is é seo an litir a scrígh Francis Pharcellus Church, eagarthóir The Sun, ag míniú gurb ann do Dhaidí na Nollag.
Ba mhacalla an litir seo an litir a scrígh eagarthóir The Sun, nuachtán i Nua Eabharc in 1897, Frances Pharcellus Church, chuig cailín naoi mbliana d’aois, Virginia, ag tabhairt le fios di gurb ann do Dhaidí na Nollag/Santa Claus.
Anois is scéal iomlán éagsúil é agus deir Mac Cafraidh go bhfuil an litir i nGaeilge a thagann ó Dhaidí na Nollag i measc réimse leathan seirbhísí as Gaeilge a chuireann An Post ar fáil um Nollaig agus le linn na bliana.
Dúirt Mac Cafraidh go raibh méadú mór ar an éileamh do sheirbhísí as Gaeilge tugtha faoi ndeara ag an chomhlacht mar gheall ar an spéis breise sa teanga.
“Tá níos mó daoine ag lorg seirbhísí sa teanga, níos mó teaghlach ag roghnú cumarsáid dhátheangach, agus is fíor go bhfuil pobal i bhfad níos muiníní anois as “Nollaig Shona” a rá, nó abairtí Gaeilge eile a úsáid ina saol laethúil.
“Ar ndóigh, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla mar ghníomh chun seirbhísí dátheangacha a fheabhsú, ach tá An Post tiomanta go láidir i dtreo na Gaeilge, ní hamháin go gcomhlíonfar forálacha an Achta, ach go mbeidh muid chun tosaigh ar chur chun cinn na Gaeilge agus go ndéanfaidh muid ar dtréan iarracht cnámh droma cultúrtha a bheith againn dár dteanga náisiúnta.
Related Reads 20,000 focal Gaeilge sa chéad chuid d’fhoclóir nua aonteangach a sheolfar inniu Fás suntasach ar an bhfáilte roimh fhógraíocht as Gaeilge in ainneoin ’bearna thuisceana’ Fáilte curtha roimh an maoiniú breise, faoi dheireadh thiar, d’Fhoras na Gaeilge
“Mar sin féin, fiú mura mbeadh an tAcht ann, tá sé soiléir dúinn go bhfuil an pobal féin ag brú i dtreo seirbhísí Gaeilge. Is léir dom nuair a bhfuil beartas 7 éileamh, beidh Nollaig níos Gaelaí i mbealach níos feiceálaí ná riamh.”
Agus an sprioc am ag teannadh linn chun cartaí Nollag a chuir sa phost le go mbeadh siad ag ceann scríbe roimh Oíche Nollag, tá liosta beannachtaí Nollag foilsithe ag An Post ar shuíomh an chomhlachta.
I measc na seirbhísí eile as Gaeilge atá á sholathar ag An Post um Nollaig, tá stampaí dhá theangacha agus deir Mac Cafraidh go bhfuil méadú ar an éileamh ar na stampaí a bhfuil an oidhreacht agus Nollaig fite fuaite le tabhairt faoi ndeara.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
View 8 comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,816 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6899294; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/daidi-na-nollag-ag-tabhairt-freagrai-as-gaeilge-ar-litreacha-na-bpaisti-6899294-Dec2025/?embedpost=6899294&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/daidi-na-nollag-ag-tabhairt-freagrai-as-gaeilge-ar-litreacha-na-bpaisti-6899294-Dec2025/?embedpost=6899294&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/daidi-na-nollag-ag-tabhairt-freagrai-as-gaeilge-ar-litreacha-na-bpaisti-6899294-Dec2025/?embedpost=6899294&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →