Local news from all 26 countiesAbout us

Conclúidí faoi phleanáil teanga san áireamh i bplean eile Rialtais don Ghaeilge: Aire Calleary

By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 20 January 2026

Tá imní léirithe i dtuarascáil faoi phleanáil teanga sa Ghaeltacht go bhfuil laghdú líon na gcainteoirí Ghaeilge ann ag cur i mbaol sprioc an Rialtais maidir leis an Ghaeilge sa Seirbhís Phoiblí.

An account is an optional way to support the work we do. Find out more.

TÁ PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA an Rialtais maidir le feabhas a chur ar an bhfreastal a bhfaigheann an phobal trí Ghaeilge ón Seirbhís Phoiblí le foilsiú ag meán lae inniu, tar éis go ndéanfaidh an Chomhaireacht an chaipéis a phlé ag a gcruinniú seachtainiúil.

Thug Dara Calleary, an tAire Forbartha Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an méid seo le fios agus é ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné faoin dtuarascáil a foilsíodh an tseachtain seo chaite faoi fheidhmiú deich gcinn de phleananna teanga i gceantair Gaeltachta ar fud na tíre.

Bhí feitheamh fada ar an dtuarascáil céanna ina ndeintear dhá scór mholadh faoin slí go bhféadfadh an Stát tacú níos fearr le feidhmiú na bpleananna teanga sna ceantair éagsúla. Séard atá i gceist le na pleananna teanga ná scéimeanna i gceantair Gaeltachta chun úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a éascú i measc an phobail.

I measc na gconclúidí atá sa tuarascáil ag na h-údair a rinne iniúchadh ar conas ar éirigh le na pleananna teanga i ndeich limistéir pleanála teanga(LPT) dúradh go raibh go leor cosúlachtaí idir na limistéir éagsúla cé go raibh siad lonnaithe in áiteanna éagsúla ar fud na tíre.

Tugadh súntas do “dlús leis an titim sa daonra, ceannas an Bhéarla, mionlú na Gaeilge, díothacht eacnamaíochta agus easpa acmhainní agus infheistíochta i measc cosúlachtaí eile”.

Dúradh freisin sa chaipéis 280 leathnach gur léirigh an fhianaise go raibh acmhainn luachmhar na Gaeilge sa Ghaeltacht á ligint amú sa mhéid is go raibh sprioc ag an Rialtas 20% d’earcaithe úra sa Seirbhís Phoblí a bheith ina gcainteoirí Ghaeilge faoi 2030.

“In ainneoin gur tháinig méadú ar líon na ndaoine atá in ann Gaeilge a labhairt, go háirithe i measc daoine óga ag aois scolaíochta, tháinig laghdú ar mhinicíocht na húsáide laethúla lasmuigh den chóras oideachais.

“Tháinig laghdú de 2% ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht idir 2016 agus 2022, go háirithe ó aois 30 ar aghaidh.”

Mhol údair na tuairisce, an chomhlacht Barr Feabhais, go mbeadh ‘athrú smaointeoireachta, athrú a chuireann ar gach duine a bheith freagrach as cur chun cinnna Gaeilge, de dhíth má tá ceanneagraíochtaí ÚnaG chun leas a bhaint as an chumas agus as an infreastruchtúr teanga atá ann cheana féin sna 10 LPT Gaeltachta sin chun na treochtaí sin a aisiompú’.

Agus é ag caint ar Adhmaidin, dúirt an Aire Calleary go raibh “cúpla rud difriúil” maidir le cur chuige an Rialtais agus luaigh sé go raibh an suim is mó airgid riamh le €3m sa bhreis faighte ag pleanáil teanga sa bhuiséad don mbliain seo agus, anuas ar sin, go mbeadh plean á fhoilsiú amárach chun feabhas a chur ar fhreastal as Gaeilge na Seirbhíse Phoiblí.

“Beidh mé ag cur Plean Gníomhaíochta Sheirbhísí Phoiblí Ghaeilge ós comhair bórd an Rialtais amárach,” dúirt an Aire, ag míniú go mbeadh a lán de na moltaí atá sa phlean sin ag tagairt do phointí ar luadh sa tuarascáil athbhreithnithe ar phleanáil teanga.

Related Reads ’101 bliain ag fanacht ar theach nua sa Ghaeltacht, 41 bliain i mbaile sheirbhíse Gaeltachta’ Líon na dteaghlach Gaeltachta ag tógáil a bpáistí le Gaeilge ’seasmhach’ ach ag laghdú Dúshlán tugtha don Aire Calleary soiléiriú a thabhairt faoina eolas faoi threoirlínte pleanála

Thug sé le fios freisin go mbeadh go leor moltaí sa phlean ag leagadh dualgaisí ar údáráis áitiúla agus eile maidir le na seirbhísí Ghaeilge a bheadh le cur ar fáil.

Dhearbhaigh sé go bhfoilseofaí an plean gníomhaíochta ag meán lae inniu, tar éis do na moltaí ann bheith pléite ag cruinniú seachtainiúil an Rialtais.

B’iad na deich limistéir pleanála teanga a raibh san áireamh sa chéad tuarascáil athbhreithnithe ná An Cheathrú, Árainn Mhór, Ciarraí Theas, Ciarraí Thiar, Cloich Cheann Fhaola, Conamara Láir, Gaeltacht na Mí, Gaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir, Maigh Eo Thuaidh agus na Déise. Tá 26 limistéir pleanála teanga ann san iomlán agus déanfar athbhreithniú ar fheidhmiú gach limistéir pleanála teanga de réir a chéile.

De réir na reachtaíochta tá seacht mblian ag gach limistéir pleanála teanga plean teanga a chur i bhfeidhm. I ráiteas a d’éisigh Roinn na Gaeltachta an tseachtain seo chaite faoi na h-impléachtaí a eireodh de bharr an moill a raibh ar na h-athbhreithnithe agus téarmaí na bpleananna teanga a bheith ag teacht chun déiridh, dúradh go raibh dhá bhliain sa bhreis á gcur le tréimhsí na bpleananna teanga.

Is iomaí plean nó cáipéis atá foilsithe ag an Rialtas chun tacú leis an nGaeilge sa Stat. I mbliana beidh aitheantas á thabhairt ag Uachtarán na hÉireann d’fhoilsiú Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta a tháinig amach i 1926. Foilsíodh fís an Rialtais maidir leis an nGaeilge i 2006 agus Straitéis 20 Bliain na Gaeilge i 2010.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

View comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 14,136 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 2,779 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 4,296 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 15,186 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,544 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 9,026 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 2,166 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,847 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,245 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,591 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 21,748 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6931264; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site

600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/plean-ghnimh-don-ghaeilge-6931264-Jan2026/?embedpost=6931264&width=600&height=460" ></iframe>

400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/plean-ghnimh-don-ghaeilge-6931264-Jan2026/?embedpost=6931264&width=400&height=460" ></iframe>

300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/plean-ghnimh-don-ghaeilge-6931264-Jan2026/?embedpost=6931264&width=300&height=460" ></iframe>

By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .

View original story

Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.

About News Room →