Polasaí oideachais Ghaeilge an Rialtais gan
By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 8 November 2025
Tá pairtithe an Rialtais ag teacht salach ar a chéile faoi pholasaí nua i leith an oideachais trí mheán na Gaeilge.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
CÉ GUR FÉIDIR go raibh súil éigean ag an Aire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, leis an bhfreagra a fuair sí ós na heagrais Ghaeilge agus oideachais don dá pholasaí san earnáil Ghaeloideachais a sheol sí inné, is beag an seans go raibh sí ag súil le cáineadh ó Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach in Éirinn ó Dheas ar son Fianna Fáil, céilí comhrialtais Fhine Gael.
Sheol an tAire McEntee dhá mhór pholasaí, ceann faoin oideachas trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den nGaeltacht agus ceann eile, plean gnímh don Ghaeilge i scoileanna meán Bhéarla, ag ócáid ar champas comhroinnte Ghaelscoil Bhrian Bóroimhe agus Scoil Náisiúnta Sord Educate Together maidin Déardaoin.
I measc na moltaí atá sa pholasaí maidir le múineadh trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den nGaeltacht, tá sé ráite gur cheart go mbeadh rochtain ar “oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i suímh oideachais atá cuimsitheach agus ilchultúrtha”.
Tá coimitmint freisin sa pholasaí seo go gcuirfear “uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge, forbairt acmhainní, agus treoir agus deiseanna foghlama gairmiúla múinteoirí” ar fáil chun tacú le fíorú na haidhme seo. Luaitear freisin go mbeadh deis ag daltaí níos mó ama a chaitheamh ag cur snas ar a líofacht trí shealanna ama a chaitheamh sa Ghaeltacht.
Cé gur fháiltigh na mór eagrais san earnáil an méid a bhí sa dá cháipéis ó thaobh tacaíochtaí do mhúineadh trí Ghaeilge agus cur chun cinn na teanga i scoileanna meán Bhéarla, bhí siad cáinteach ar an easpa físe agus a laghad uaill mhéin a bhí sna cáipéisí freisin.
Anois tá an Fheisire i bparlaimint na hEorpa, Cynthia Ní Mhurchú ó Fhianna Fáil, tar éis a glór a chur leis an gcáineadh atá déanta ag Gaeloideachas, an Foras Pátrúnachta agus Conradh na Gaeilge ar na polasaithe a d’eisigh an Aire.
Cé gur chuir Ní Mhurchú fáilte mar a rinne na heagrais le “haon iarracht nó infheistíocht chun an Ghaeilge a chur chun cinn”, dúirt sí freisin go raibh an beartas a d’fhógair an tAire Oideachais Helen McEntee “gan an uaillmhian atá riachtanach chun fíorathrú a bhaint amach”.
Dúirt sí gur chóir “díriú níos mó ar líofacht agus spéis sa Ghaeilge agus i gcultúr na Gaeilge a fhorbairt – idir cheol is drámaíocht”.
Agus dúirt sí freisin gur “deis caillte a raibh ann chun aghaidh a thabhairt i ndáiríre ar an ngéarchéim in oideachas na Gaeilge inár scoileanna” agus dhírigh sí a méar ar an ardú i líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge, breis is 73,000 dalta bunscoile is meánscoile i mbliana, mar fhianaise nach raibh an córas reatha ag feidhmiú.
Dar le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, nach raibh go leor sa dá cháipéis a sheol an Aire McEntee inné “chun dul i ngleic leis an gcruachás ina bhfuil an Ghaeilge sa chóras oideachais faoi láthair”.
Tá breis is 13,000 daltaí bunscoile ag fáil diolúin ó staidéar na Gaeilge freisin, tuigtear ó fhigiúirí a tugadh chun solais an tseachtain seo.
“Le linn an chomhairliúcháin ar an bPlean Gnímh, éilíodh córas nua solúbtha, bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, a bheadh in ann freastal ar dhaltaí le riachtanais bhreise, ar dhaltaí ag teacht isteach déanach sa chóras agus a chuirfeadh eispéireas sásúil foghlama Gaeilge ar fáil do gach dalta.”
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge Conradh na Gaeilge Conradh na Gaeilge
Dar le Mac Giolla Bhéin, gur cheart go bheith ag díriú ar sprioc uaillmhianach maidir leis an líon daltaí atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge a bheadh bunaithe ar an sprioc sa Bhreatain bheag go mbeadh 40% ag fáil oideachas trí mheán na Breatnaise faoi 2050.
“Níl ach 6% de dhaltaí ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge, breis agus 100 bliain ó bunaíodh an Stát.”
“In ainneoin go luaitear sa Pholasaí nua don Ghaeloideachas gur ‘fís’ í go mbeadh ‘oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách’, níl aon sprioc intomhaiste ná uaillmhianach leagtha amach acu chun líon na ndaltaí i scoileanna Gaeilge a mhéadú go suntasach.”
Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go mbunófaí “coiste saineolach chun polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais, bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, a fhorbairt gan a thuilleadh moille”.
Mar chuid den pholasaí a seoladh ar an Déardaoin, dúradh go cmbunófaí tascfhórsa a thabharfadh “páirtithe leasmhara agus oifigigh na roinne le chéile chun bealach chun cinn a chomhdhearadh chun an earnáil a fhás agus é mar aidhm aige deiseanna a leathnú do pháistí agus do dhaoine óga a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge”.
Gealladh go dtionólfaí an chéad chruinniú den tascfhórsa níos déanaí an mhí seo.
Related Reads Polasaithe don oideachas Ghaeilge seolta ag an Aire ach easpa físe cáinte ag eagrais Lack of specific targets criticised as policies to support Irish outside Gaeltacht launched Gaeilge an teanga ba dheacra a d’fhoghlaim mé agus is mó sásaimh - Ambasadóir na Breataine
I ráiteas ó Chumann Mhúinteoirí Éireann (CMÉ/INTO) moladh gur cheart don Roinn Oideachais is Óige na h-acmhainí cuí a chuir ar fáil chun gur féidir an polasaí a chur i bhfeidhm, thug urlabhraí le fios. I measc na dtacaíochtaí atá an CM ag díriú airde air, tá siad den tuairim go mbeadh filleadh na liúntais do mhúineadh i múineadh i scoileanna Gaeltachta, oileáin agus Gaelscoileanna.
“Tá an CMÉ ag lorg go mbeadh polasaí na luath bhlianta ag teacht leis an tsonraíocht céad teanga le go mbeadh aistriú réidh ó na timpeallachtaí luathbhlianta go dtí an bhunscoil.
“Tá an CMÉ ar son polasaí a chumadh don Ghaeilge ós na luathbhlianta go dtí an tríú leibhéal a bheadh bunaithe ar an gCreatlach Comónta Tagartha Teangacha.
Dúradh freisin sa ráiteas ón CMÉ go raibh an fhigiúir de 13,000 – daltaí bunscoile a fhaigheann diolúin ón nGaeilge – ró ard.
Dar leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir, cathaoirleach ar an bhForas Pátrúnachta, gurb é a bhí i gceist leis an méid a d’fhógair an Aire ná “tascfhórsa chun ceist atá freagartha cheana féin a fhreagairt” agus dúirt sé gan spriocanna intomhaiste go mbeadh an tascfhórsa ag obair i bhfolús.
“Is cosúil go bhfuil gach uile rud á dhéanamh seachas cinneadh a ghlacadh cur leis an soláthar lán-Ghaeilge.”
Tá iarratas déanta le h-aghaidh ráiteas ón Aire ag tabhairt freagra ar an gcáineadh atá déanta ar a fógra.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
View 6 comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7213432,"title":"Seven people injured, including two children, in arson attack on Dublin city home","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/clanbrassil-cose-dublin-8-fire-arson-attack-7213432-Nov2026\/","stats":" 4,498 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-8\/news\/","name":"Dublin 8"},"image":" ","no_image":""},{"id":7213452,"title":"Judge criticises aspects of new legal aid scheme as 'grossly unfair' and 'demonstrably illogical'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/legal-aid-fee-scheme-row-jim-ocallaghan-7213452-Nov2026\/","stats":" 5,164 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/legal-aid-row\/news\/","name":"legal aid row"},"image":" ","no_image":""},{"id":7213356,"title":"T\u00e1naiste wants to find 'resolution' to public sector strike before major EU summit lands in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/public-sector-strike-ireland-8-7213356-Nov2026\/","stats":" 2,125 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strike-pending\/news\/","name":"strike pending"},"image":" ","no_image":""},{"id":7213392,"title":"Ryanair's Michael O'Leary has called for a two-drink limit at airport bars \u2013 do you agree?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-oleary-ryanair-airport-two-drink-limit-poll-7213392-Nov2026\/","stats":" 7,717 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7213393,"title":"HSE failed to ensure that thousands of children under six received vital health checks","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/under-six-children-health-checks-hse-report-7213393-Nov2026\/","stats":" 1,410 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/health-checks\/news\/","name":"health checks"},"image":" ","no_image":""},{"id":7213368,"title":"Noel McNamara to become Leinster head coach after Leo Cullen departs at end of the season","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/noel-mcnamara-to-succeed-leo-cullen-as-leinster-head-coach-2-7213368-Nov2026\/","stats":" 2,472 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/appointment\/news\/","name":"Appointment"},"image":" ","no_image":""},{"id":7212744,"title":"The FOI Files: Is Coimisi\u00fan na Me\u00e1n investigating social media companies for dangerous driving videos?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-foi-files-coimisiun-na-mean-social-media-investigations-7212744-Nov2026\/","stats":" 904 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-foi-files\/news\/","name":"The FOI Files"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7212412,"title":"SuperValu says refrigeration cyberattack \u2018fully resolved\u2019 as stores restock chilled and frozen food","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/supervalu-cyber-incident-13-stores-fridges-7212412-Nov2026\/","stats":" 61,381 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/cyberattack\/news\/","name":"Cyberattack"},"image":" ","no_image":""},{"id":7212317,"title":"Jack Chambers says public sector unions plan for strike day on 12 November 'extremely regrettable'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/unions-meet-to-consider-another-day-of-strike-action-in-public-sector-7212317-Nov2026\/","stats":" 45,326 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/no-agreement\/news\/","name":"no agreement"},"image":" ","no_image":""},{"id":7212292,"title":"'Much-loved and inspirational' Irish Olympian Ciara Mageean to be laid to rest tomorrow","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/ciara-mageean-funeral-details-co-down-athlete-7212292-Nov2026\/","stats":" 25,149 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/co-down\/news\/","name":"co down"},"image":" ","no_image":""},{"id":7212837,"title":"Former Irish rugby star Brendan Mullin pleads not guilty to Brown Thomas perfume theft","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/brendan-mullin-court-case-perfume-theft-7212837-Nov2026\/","stats":" 24,645 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/courts\/news\/","name":"Courts"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6867749; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/aire-o-fhine-gael-agus-mep-fhianna-fail-ar-mhalairt-tuairimi-faoi-oideachas-tri-mhean-na-gaeilge-6867749-Nov2025/?embedpost=6867749&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/aire-o-fhine-gael-agus-mep-fhianna-fail-ar-mhalairt-tuairimi-faoi-oideachas-tri-mhean-na-gaeilge-6867749-Nov2025/?embedpost=6867749&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/aire-o-fhine-gael-agus-mep-fhianna-fail-ar-mhalairt-tuairimi-faoi-oideachas-tri-mhean-na-gaeilge-6867749-Nov2025/?embedpost=6867749&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →