Local news from all 26 countiesAbout us

An Ghaeilge agDul i dTreise in Ollcsoil Teicneolaíochta na Mumhan Thrá Lí | RadioKerry.ie

By Meabh Lawlee · Radio Kerry · 20 October 2026

Listen

Tá céim stairiúil tógtha ag Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (OTM) i dtreo chur chun cinn na Gaeilge ar champas Thrá Lí, agus an chéad...

Tá céim stairiúil tógtha ag Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (OTM) i dtreo chur chun cinn na Gaeilge ar champas Thrá Lí, agus an chéad Oifigeach Gaeilge riamh ceaptha ag an Aontas sna toghchán a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair. Labhraím le Alan Ó Briain , Leas-Uachtarán Leasa agus Comhionannais Aontas na Mac Léinn in MTU Thrá Lí, faoi na ceapacháin is déanaí agus faoin tábhacht a bhaineann leis an ról nua seo. Cé gur post páirtaimseartha atá i gceist, meastar go mbeidh ról lárnach ag an Oifigeach Gaeilge nua i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm bheartais teanga an Aontais. Táthar ag súil go gcuirfidh an ceapachán le hinfheictheacht agus le hinrochtaineacht na Gaeilge ar fud an champais agus ar ardáin na meán sóisialta. Tá an post nua neamhspleách ar ról Oifigeach Gaeilge an choláiste féin, rud a thugann deis d’Aontas an ról a leasú ar a mbealach féin. Pléadh freisin staid na Gaeilge ar champas Thrá Lí, athbhunú an Chumainn Ghaelaigh, easpa comharthaíochta dátheangaí agus na deiseanna teoranta atá ann do mhic léinn tabhairt faoi chúrsaí trí Ghaeilge in OTM Thrá Lí agus ar champas Chorcaí. Is ábhar suntais é seo, go háirithe ós rud é go bhfuil OTM lonnaithe i gcontaetha ina bhfuil ceantair Ghaeltachta.

Gaeilge on the rise at MTU’s Tralee campus as Student’s Union appoint their first Irish Language Officer

A significant step forward for the Irish language has been taken by MTU Tralee’s Students' Union this month with the appointment of their first ever Irish Language Officer. Caint Chiarraí's Méabh Lawlee was joined by Alan O Brien, Students' Union Vice-President for Welfare and Equality at MTU Tralee, to outline the latest student union appointments following October’s elections at MTU. Most notable is this historic appointment; the significance of this new role is discussed. This appointment is distinct from the college’s own Irish Language Officer. Despite it being a part-time role, the fact that the Students' Union now have their own Irish Language Officer. This will enable them to update and enact their Irish language policies to greater effect and increase the visibility and accessibility of the language across campus and on social media. The general level of Irish on campus is also discussed, the reinstatement of the Cumann Gaelach, the low level of Irish signage and lack of access to courses through Irish in MTU Kerry and Cork campuses, despite both being Gaeltacht counties.

View original story

Reporting by Meabh Lawlee for Radio Kerry, funded by the News Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.

About News Room →