Cúramóirí Baile á lorg ag Tearmann Éanna
By Bill Breathnach · Galway Advertiser · 22 October 2026

Tá folúntais do chúramóirí baile fógartha ag Tearmann Éanna mar chuid den tseirbhís chúraim agus tacaíochta baile atá á sholáthar acu i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE ).
Tacaíonn an tseirbhís seo le daoine gur mian leo fanacht ag an mbaile agus maireachtáil go neamhspleách, le tacaíocht, ina dtithe agus a gceantair féin.
Tá foirm iarratais ar fáil ón suíomh idirlín ag www.tearmanneanna.ie agus ní mór an fhoirm seo, agus na cáipéisí eile atá luaite leis, a sheoladh sa bpost chuig Bainisteoir Ginearálta, Tearmann Éanna CTR, An Tulach, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] .
Reporting by Bill Breathnach for Galway Advertiser, funded by the News Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →