Ó Bob Dylan go Phoebe Bridgers, tá Imram ag treabhadh i ngort nua do litríocht na Gaeilge
By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 6 November 2025
Tugann suim dhaoine óga sa toghchán don Uachtaránacht léargas freisin ar a suim sa Ghaeilge, dar le stiurthóir fhéile litríochta Gaeilge, Imram.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
BOB DYLAN, TAYLOR Swift, Leonard Cohen, Joni Mitchell agus, anois, Phoebe Bridgers. Is iad seo cuid de na réaltaí ceoil atá Imram, féile litríochta Bhaile Átha Cliath, tar éis mór léirithe ceoil a chur os comhair an phobail le h-amhránaithe Gaelacha ag canadh leaganacha Gaeilge d’amhráin na mór réalta.
Le linn eagrán na bliana seo d’Imram tá Dairena Ní Chinnéide agus Caitríona Ní Chléirchín tar éis roinnt d’amhráin aitheanta Bridgers a aistriú go Gaeilge agus beidh na h-amhráin seo á gcanadh ag an amhránaí Feirsteach Aoibha ag léiriú, Amhráin na Gealaí, a bheidh ar an ardán sa Smock Alley Theatre ar 22 Samhain.
Beidh Imram, a thosnaigh i 2004, ag cur tús lena fhéile is déanaí atá mar sprioc aige litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn, ar an Satharn beag seo.
Ar an oíche sin beidh mór oíche filíochta agus ceoil ag a mbeidh Louis de Paor ag aithris óna chnuasach, Cé A Mharaigh Emma Ní Mhathúna agus Máire Dinny Wren ag léamh óna saothair I Muinín na nDúl. Macdara Ó Faoláin, ceoltóir óg na bliana ag Gradaim Ceoil TG4 anuraidh, a bheidh ag seinnt ar an oíche.
Ag filleadh ar Taylor Swift agus Phoebe Bridgers, tá stiurthóir Imram, Liam Carson, den tuairim go bhfuil tograí dá leithéid ag mealladh lucht féachana nua i dtreo na Gaeilge.
“Ag tionscnamh Taylor Swift anuraidh líon muid Amharclann an Pavillion i nDún Laoghaire dhá oíche i ndiaidh a chéile,” dúirt sé.
Dar le Liam, atá cáil air féin as a fhilíocht, b’fhianaise an slua mór dhaoine óga a tháinig amach le tacú le feachtas toghcháin Catherine Connolly as ucht a cuid Gaeilge, an suim sa teanga atá múscailte ina measc.
“Bhi dream i bhfad níos óige amuigh ansin, níl náire orthu faoin nGaeilge, tá siad bródúil as an Ghaeilge atá acu, bhí go leor acu sna fichidí.
”Feiceann tú Kneecap, ar chlár na féile i mbliana tá oíche hip hop Gaelach againn, beidh filí againn ar nós Séamus Barra Ó Súilleabháin, Ciara Ní É agus Julie Goo.”
Cé gur beag an ceangal a shamhlódh daoine idir leaganacha Gaeilge d’amhráin ó réaltaí cheoil i saol an Bhéarla nó hip hop as Gaeilge, tá Carson den tuairim go bhfuil go bhfiul na léirithe Ghaeilge d’amhráin Dylan, Swift agus Bridger ina shamplaí de litriocht is ealaíon as an nua iad féin agus go bhfuil sin agus an hip hop ag mealladh daoine óga i dtreo na féile.
Ceist eile arís an bhfuil sin ag cruthú níos mó leitheoirí do litríocht na Gaeilge, d’admhaigh sé.
‘Tá daoine ann le Gaeilge agus you know b’fhéidir nach bhfuil siad ag léamh leabharthaí Gaeilge ach tá an síol curtha sa talamh ós rud é go bhfuil i bhfad níos mó daoine ag caint i nGaeilge.”
Tá imeachtaí éagsúla á reachtáil le linn na féile a bheidh ar bun idir an Satharn beag seo agus deireadh na míosa. I measc na mbuaicphointi, beidh an tOllamh Michael Cronin ag cur fé agallamh an scríbhneoir, file agus údar don aos óg, Áine Ní Ghlinn ag ócáid i Books Upstairs ar an Luan, 17 Samhain.
Related Reads Kneecap stars Moglaí Bap and DJ Próvaí take a turn to adjudicate Oireachtas rap competition Belfast, home of Kneecap and Harland & Wolff, to host Oireachtas na Gaeilge festival Fiosrú á lorg faoi "chosc" ar Kneecap taisteal go Ceanada
Ócáid eile ar fiú é a nótáil sa dhialann ná oíche tiomnaithe don gcailleach. Tá Imram tar éis a iarraidh ar Dhairena Ní Chinnéide, Laoighseach Ní Choistealbha, Eithne Ní Ghallchobhair agus an fhile Albanach Caitrìona Lexy Campbell a choimisiniú chun filíocht nua a scríobh in omós don gcailleach. Beidh an amhránaí Conallach, Rois, ag canadh ag an ócáid agus beidh taispeántas ilmheán ag Margaret Lonergan ag an ócáid freisin a bheidh ar siúl ag 19 Sráid Dawson ar an Mháirt, 18 Samhain.
Cuireann na taispeántais ilmheáin go mór le chomh h-eifeachtach is a bhíonn na léirithe ar leith seo nó bíonn an lucht féachana ábalta an litríocht a leanúint agus i gcás oícheannta Taylor Swift agus Phoebe Bridgers, canadh in éineacht.
Tá sraith léachtanna as Béárla á dtabhairt freisin le linn Imram chun léargas a thabhairt do phobal níos leithne ar litríocht na Gaeilge agus i measc na léachtaí seo beidh caint ón úrscéalaí is colúnaí Ghaeilge, Alan Titley, dar teideal Neither Shillelaghs nor Shamrock – the other Irish novel.
Deir an Titlíoch go bhfuil breis is 300 úrscéal as Gaeilge foilsithe ó cuireadh i gcló Séadna ó pheann an tAthair Peadar Ó Laoghaire ag deireadh an 19ú aois agus ag a léacht i Leabharlann Lexicon ar 10rn an gCéadaoin, 19 Samhain, beidh sé ag tabhairt a léirmheas ar na leabhair seo mar a bheadh ina linn féin agus trí shúile an leitheora inniu.
Is féidir eolas iomlán a fháil faoi Imram a bheidh ar siúl in ionaid éagsúla timpeall Bhaile Átha Cliath idir 8-23 Samhain a fháil ar an suíomh idirlín .
View comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7213432,"title":"Seven people injured, including two children, in arson attack on Dublin city home","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/clanbrassil-cose-dublin-8-fire-arson-attack-7213432-Nov2026\/","stats":" 4,498 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-8\/news\/","name":"Dublin 8"},"image":" ","no_image":""},{"id":7213452,"title":"Judge criticises aspects of new legal aid scheme as 'grossly unfair' and 'demonstrably illogical'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/legal-aid-fee-scheme-row-jim-ocallaghan-7213452-Nov2026\/","stats":" 5,164 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/legal-aid-row\/news\/","name":"legal aid row"},"image":" ","no_image":""},{"id":7213356,"title":"T\u00e1naiste wants to find 'resolution' to public sector strike before major EU summit lands in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/public-sector-strike-ireland-8-7213356-Nov2026\/","stats":" 2,125 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strike-pending\/news\/","name":"strike pending"},"image":" ","no_image":""},{"id":7213392,"title":"Ryanair's Michael O'Leary has called for a two-drink limit at airport bars \u2013 do you agree?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-oleary-ryanair-airport-two-drink-limit-poll-7213392-Nov2026\/","stats":" 7,717 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7213393,"title":"HSE failed to ensure that thousands of children under six received vital health checks","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/under-six-children-health-checks-hse-report-7213393-Nov2026\/","stats":" 1,410 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/health-checks\/news\/","name":"health checks"},"image":" ","no_image":""},{"id":7213368,"title":"Noel McNamara to become Leinster head coach after Leo Cullen departs at end of the season","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/noel-mcnamara-to-succeed-leo-cullen-as-leinster-head-coach-2-7213368-Nov2026\/","stats":" 2,472 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/appointment\/news\/","name":"Appointment"},"image":" ","no_image":""},{"id":7212744,"title":"The FOI Files: Is Coimisi\u00fan na Me\u00e1n investigating social media companies for dangerous driving videos?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-foi-files-coimisiun-na-mean-social-media-investigations-7212744-Nov2026\/","stats":" 904 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-foi-files\/news\/","name":"The FOI Files"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7212412,"title":"SuperValu says refrigeration cyberattack \u2018fully resolved\u2019 as stores restock chilled and frozen food","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/supervalu-cyber-incident-13-stores-fridges-7212412-Nov2026\/","stats":" 61,381 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/cyberattack\/news\/","name":"Cyberattack"},"image":" ","no_image":""},{"id":7212317,"title":"Jack Chambers says public sector unions plan for strike day on 12 November 'extremely regrettable'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/unions-meet-to-consider-another-day-of-strike-action-in-public-sector-7212317-Nov2026\/","stats":" 45,326 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/no-agreement\/news\/","name":"no agreement"},"image":" ","no_image":""},{"id":7212292,"title":"'Much-loved and inspirational' Irish Olympian Ciara Mageean to be laid to rest tomorrow","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/ciara-mageean-funeral-details-co-down-athlete-7212292-Nov2026\/","stats":" 25,149 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/co-down\/news\/","name":"co down"},"image":" ","no_image":""},{"id":7212837,"title":"Former Irish rugby star Brendan Mullin pleads not guilty to Brown Thomas perfume theft","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/brendan-mullin-court-case-perfume-theft-7212837-Nov2026\/","stats":" 24,645 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/courts\/news\/","name":"Courts"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6865196; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/leaganacha-gaeilge-damhrain-na-realtai-ag-mealladh-daoine-oga-6865196-Nov2025/?embedpost=6865196&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/leaganacha-gaeilge-damhrain-na-realtai-ag-mealladh-daoine-oga-6865196-Nov2025/?embedpost=6865196&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/leaganacha-gaeilge-damhrain-na-realtai-ag-mealladh-daoine-oga-6865196-Nov2025/?embedpost=6865196&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →