In Éirinn, níl aon éalú ón aimsir, fiú amháin ag socraidí - laithreoir aimsire TG4
By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 9 January 2026
Is iomaí deis a bhfaigheann laithreoirí aimsire agus leanúnachais TG4, deir siad agus tús á chur le feachtas nua earcaíochta.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
AGUS Í AG déanamh comhbhróin le teaghlach na marbh ag socraid, tá ceist curtha ag gaolta ar laithreoir aimsire le TG4 cé acu an mbeadh gá le cóta báistí agus iad dul chun na reilige an lá dár gcionn.
Mar a deir Fiona Ní Fhlaithearta le The Journal agus í ag caint linn faoin saol atá aici mar laithreoir aimsire is leanúnachais ar TG4, is ar éigean go bhfuil éalú ón aimsir in Éirinn, pé áit a ghabhann tú is, go h-áirithe, má tá tú ag tabhairt réamhfhaisnéis na h-aimsire ar an dteilifís!
I gcaitheamh an 30 bliain atá TG4 ag craoladh, tú clú bainte amach ag laithreoirí aimsire a d’oibrigh sa ról le TG4, leithéidí Síle Seoige, Páidí Ó Lionáird agus Dáithí Ó Sé.
Deir Ní Fhlaithearta, atá ag obair mar laithreoir aimsire agus leanúnachais le le dhá bhliain déag, gur iontach na deiseanna a fhaigheann sí agus a comhghleacaithe ina rólanna ag ceeanncheathrú an chainéil i mBaile na hAbhann i gceartlár Chonamara.
Nuair a thosaigh sí ag obair ag TG4, bhí sí díreach tar éis filleadh ón Astráil agus fuair sí oiliúint ar an gcóras atá ag TG4 maidir leis na feasacháin aimsire a ullmhú.
Cé gur ghnách go mbíonn laithreoirí aimsire RTÉ ag teacht ó Met Éireann agus gur meiteareolaithe furmhór iad san a bhíonn i mbun na h-aimsire, tá córas éagsúil ag TG4.
“Maidir leis an aimsir tá muid ag obair le comhlacht atá lonnaithe sa Nua-Shéalainn, Metra-weather is ainm dóibh agus tá oifigí acu i Sasana,” arsa Ní Fhlatharta.
“Chuile lá beo cuireann siad an scriopt aimsire chugainn chuile lá beo – tá sé i mBéarla ar ndóigh.
“Léann muid é agus téimíd tríd agus ansan aistreoimíd é go Gaeilge, cuirfidh tú do chuid Gaeilge nadúrtha féin air agus ansan bíonn cruinniú againn leo (Metra-weather) agus má tá aon cheisteanna breise nó aon rud go bhfuilimíd ag iarraidh díriú air go h-airithe, go mór mór nuair a bhíonn stoirmeacha ann, déantar níos mó plé ar sin.”
iMar a mhíníonn Ní Fhlaithearta an scéal, nuair atá an scriopt aontaithe, is faoin laithreoir atá sé ansan é a fhoghlaim de ghlan mheabhair nach mór sara dtéann siad ós cómhair an ceamra chun an mír aimsire a thaifead. Is é an laithreoir a chuireann an ceamra ag dul agus a dhéanann eagarthóireacht ar an mír aimsire a théann amach ar TG4 díreach roimh an clár nuachta a chraoltar go laethúil ag 7in.
“An namhaid is mó atá againn ná an clog mar cé nach bhfuil an mír beo, caithfidh sé bheith istigh sa chóras in am.”
Bíonn go leor eile le déanamh ag Fiona agus a comhghleacaithe i rith an lae agus iad ag cur cláracha éagsula TG4 – atá ag rith 24/7 anois – i láthair. Ní bhíonn siad ós comhair an ceamra an t-am ar fad nó cuirtear go leor de na cláracha i láthair le trachtaireacht ghutha amháin. Bíonn siad ós comhair an ceamra go minic, áfach, chun cláracha ar leith a chuir i láthair mar aon le scannáin is craolacháin ó chluichí móra CLG, rugbaí agus sacar na mban.
Faigheann siad deiseanna eile freisin. Anuraidh bhi Ní Fhlaithearta ag craoladh beo ón gcairpéad dearga ag na Gradaim IFTA agus d’éirigh léi agallamh a chuir ar Kneecap agus mheall Caitlín Nic Aoidh, comhghleacai Fiona, cáil nuair a chuir si Paul Mescall faoi agallamh agus gur labhair réalt Hamnet agus Normal People as Gaeilge. Roimhe sin bhí Mairéad Ní Chuaig ag na hOscars nuair a bhi An Cailín Ciúin ar an ngearrliosta agus í ag cur agallamh ar réaltaí éagsúla an oíche úd i Hollywood.
Nuair nach mbíonn an aimsir in Éirinn chomh deas is gur mhaith linn, faigheann Ní Fhlaithearta go leor aischothú ina saol lasmuigh de TG4.
Related Reads Dáimh Scoil Mhúscraí ag fiafraí an féidir leis an intleacht shaorga dán Ghaeilge a chumadh? Is é Lá an Dreoilín buaic phointe na Nollag do mhuintir an Daingin TG4 the big winners as Budget 2026 delivers major increase for Gaeilge and Gaeltacht
“Sna ceantrachaí Gaeltachta is mó a tharlóidh sé, aithníonn daoine thú,” dúirt sí.
“Tá sé tarluithe ag socraidí go dtosóidh daoine ag caint leat faoin aimsir.
“Beidh tú ag déanamh comhbhrón le teaghlach is gaolta na marbh agus tosóidh siad ag caint agus ag fiafraí an dteastóidh cóta báistí uathu ag an reilig lá arna mhaireach is beidh tusa ag iarraidh a dhéanamh amarach.
“Bíonn caint ar an aimsir i gcónai agus áiríonn daoine go bhfuil aithne acu orainn agus bionn siad compórdach labhairt linn agus píosa gáire a dhéanamh linn freisin.”
Agus í á rá sin, is léir go dtaithníonn an ‘sall agus anall’ le Ni Fhlaithearta, a bheith amuigh ag caint le daoine, fiú más faoin aimsir é.
Maidir le cad atá ag teastáil ó iarrthóirí chun tabhairt faoin ról seo, is é a deir sí ná go mbeadh Gaeilge chruinn tábhachtach ach an rud is mó a bhíonn lucht an stáisiúin sa tóir air ná splanc éigean a thugann le fios go mbeidh an laithreoir go maith ós comhair ceamra.
Agus é sin go léir ráite, tá go dtí an Satharn, 17 Eanáir, ag iarrthóirí chun físeán noiméad ar fhaid ag cur síos ort féin maraon le Curriculum Vitae chuig cv@tg4.ie.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
You are now signed up Author Concubhar Ó Liatháin View 3 comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,816 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6919631; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/tg4-advertises-for-new-members-of-weather-presenter-team-6919631-Jan2026/?embedpost=6919631&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/tg4-advertises-for-new-members-of-weather-presenter-team-6919631-Jan2026/?embedpost=6919631&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/tg4-advertises-for-new-members-of-weather-presenter-team-6919631-Jan2026/?embedpost=6919631&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →