Fáilte an Údaráis don bplean tithíochta - ach éiginnteacht go fóill faoi threoirlínte pleanála
By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 14 November 2025
Deirtear go mbeidh an áisíneacht Gaeltachta ag comhoibriú le húdaráis áitiúla agus Uisce Éireann chun a ghréasán áiseanna fuíoll uisce a leathnú.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
TÁ FÁILTE CURTHA roimh an tagairt sonrach d’Údarás na Gaeltachta sa phlean tithíochta a fógraíodh inné ag príomhfheidhmeannach na h-aisínteachta forbartha, Tomás Ó Síocháin
Sa chaipéis a h-éisíodh Déardaoin, deineadh tagairt don saineolas atá ag an Údarás i soláthair ionaid coiréala uisce chun riar a dhéanamh ar na páirceanna gnó atá tógtha acu ar fud na gceantar Ghaeltachta.
Moltar sa chaipéis go ndéanfaí scrúdú ar an bhféidireacht go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag comhoibriú le Uisce Éireann agus na h-údaráis áitiúla le ceantair Gaeltachta. Deirtear sa chaipéis go dtosnófar ar an obair seo sa dara leath de 2026.
Ag labhairt do le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Ó Síocháin go raibh an aisínteacht ag comhoibriú ar feadh tamall roimhe seo le na h-údaráis áitiúla agus go raibh dul chun cinn á dhéanamh ar roinnt ceisteanna.
“Cuirimíd fáilte go sonrach roimh rud a bhí molta againn tamall siar ó thaobh na deiseanna atá ann, áit ina bhfuil infristruchtúr fuíoll uisce agus coireála uisce é sin a úsáid agus an infrastruchtúr sin a leathnú amach agus sin é atá beartaithe anseo.
“Tabharfaidh sé sin deis dúinn treisiú go mór ar an obair atá ar bun againn le na h-údaráis áitiúla.”
Thug Ó Síocháin súntas freisin don méid a dúradh sa phlean go raibh sé “aitheanta gur cás ar leith í an Ghaeltacht agus cás ar leith í an Ghaeilge sa Ghaeltacht”.
“Tá sé sin rí-thabhachtach go bhfuil an t-aitheantas sin faighte agus gur féidir linn gníomhú dá réir anois.”
I raiteas a d’éisigh an tÚdarás, dúradh go raibh an aisínteacht tar éis deontas de €274,000 a cheadú chun tacú le forbairt tithíochta teanga bhunaithe i gCorca Dhuibhne, tithe a bheadh ar fáil do theaghlaigh an fhaid is go mbeadh siad sásta loistín a chuir ar fáil do dhaltaí a bheadh ag freastal ar chúrsaí Gaeilge sa cheantar.
Tagraíodh freisin don dtacaíocht atá á thabhairt ag an Údarás do phost ‘Comhordaitheoir na dTithe Tréigthe’. Tá duine ceaptha sa phost ag Comhairle Contae Mhaigh Eo ach tá freagracht ag an fostaí sin chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb na dtithe tréigthe ar fud na ceantair Gaeltachta atá i seacht gcontae, Maigh Eo, Gaillimh, Tír Chonaill, An Mhí, Port Láirge, Corcaigh agus Ciarraí.
“Fáiltímid roimh ráiteas an Aire Calleary (Aire na Gaeltachta) go bhfuil sé ag scrúdú cheist na tithíochta sa Ghaeltacht agus go mbeidh cinneadh á dhéanamh aige roimh dheireadh na bliana.”
Tá soiléiriú lorgtha ag The Journal ar an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta maidir le ceist a tháinig chun tosaigh nuair a foilsíodh an phlean tithíochta inné.
Tá treoirlínte pleanála Gaeltachta á lorg agus geallta ó 2022 agus é go geallta go minic sa tréimhse ó shin go mbeadh siad ar fáil go luath.
Cuireadh mearbhall ar dhaoine nuair a fógraíodh sa phlean nua tithíochta go mbeadh ‘Ráiteas Náisiúnta Pleanála’ don Ghaeltacht á fhoilsiú i gcionn dhá bhliain, i 2027. Arbh ionann seo agus na treoirlínte pleanála Gaeltachta, an cheist a seoladh chuig an dá Roinn, chun soiléiriú a lorg.
Related Reads Surprise and criticism as Gaeltacht planning guidelines delayed again until 2027 Beidh an Ghaeilge sa chéad áit san Áras, deir an tUachtarán Connolly san aitheasc insealbhaithe
I bhfreagra ón Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, dúradh gur cheart an cheist sin a dhíriú ar an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta.
Sa fhreagra a tháinig ón Roinn Tithíochta trathnóna Dé hAoine, dearbhaíodh gur ionann an Ráiteas Náisiúnta Pleanála agus na treoirlínte pleanála a gealladh roimhe seo. Dúradh i ráiteas go raibh reachtaíocht nua tar éis teacht i bhfeidhm ag tús na míosa seo cáite agus gur de réir forálacha na reachtaíochta sin a raibh na ráitis pleanála náisiúnta le húsáid.
Tugadh suntas freisin don gceist seo sa ráiteas a d’éisigh Conradh na Gaeilge ar fhoilseachán phlean tithíochta an Rialtais. Tá ceist na tithíochta go mór chun tosaigh i dtosaíochtaí an Chonartha agus bhí beart ón Rialtas chun an ghéarchéim tithíochta a fhagann lanúin Gaeltachta gan lóistín buan chun a dteaghlaigh a thógáil sa Ghaeilge i measc na n-éileamh a raibh ag slua de bhreis is 25,000 a ghlac páirt san agóid CEARTA i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, uachtarán an eagrais, go raibh sé tábhachtach go raibh an Stát “ag admháil go foirmiúil gur bunriachtanas é rochtain ar mheascán de thithíocht oiriúnach chun go mbeidh an Ghaeltacht inbhuanaithe”.
Thug Mac Giolla Bhein “céim suntasach” ar an admháil sin nár deineadh roimhe.
“Mar sin féin, ní leor aitheantas amháin chun an ghéarchéim tithíochta a réiteach,” dúirt sé.
“Mura féidir le teaghlaigh tithe a thógáil nó a cheannach ina gceantair féin, ní bheidh ann don Ghaeltacht. Agus muna mbeidh ann don Ghaeltacht ní bheidh ann don Ghaeilge mar theanga pobail.”
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
View comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,816 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6874520; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/udaras-na-gaeltachta-ag-obair-ar-chursai-tithiochta-sa-ghaeltacht-6874520-Nov2025/?embedpost=6874520&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/udaras-na-gaeltachta-ag-obair-ar-chursai-tithiochta-sa-ghaeltacht-6874520-Nov2025/?embedpost=6874520&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/udaras-na-gaeltachta-ag-obair-ar-chursai-tithiochta-sa-ghaeltacht-6874520-Nov2025/?embedpost=6874520&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →