Cliabhán Kneecap is Harland & Wolff, Béal Feirste, ag cur fáilte roimh Oireachtas na Gaeilge
By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 28 October 2025
Beidh Oireachtas na Samhna á reachtáil i mBéal Feriste as seo go dti Dé Domhnaigh, an chéad uair don fhéile bheith cois cuain ó 1997.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
FÁILTE GO CATHAIR Kneecap nó an chathair ar a dtugtaí Béal Feirste trath. Is é sin an grúpa ceoil Kneecap, ar eagla na mí thuisceana. As seo go dtí Dé Domhnaigh, is é seo príomh chathair cultúrtha na nGael nó is anseo ar bhruacha an Lagain a bheidh Oireachtas na Samhna á reáchtáil.
Dá ndéarfá ós ard ar chlár ráidió nó i dtacsaí i mBéal Feirste go raibh tú ag freastal ar an Oireachtas atá le reáchtáil i bpríomh chathair an Tuaiscirt, d’fhéadfá mí thuiscint eile a spreagadh agus féachaint aisteach nó dhó a mhealladh.
Tá baol an mithuisceana ann, áfach, mar go bhfuil an t-ainm céanna ar mhórfhéile na Gaeilge agus atá ar ár gcóras parlaiminte, Tithe an Oireachtais,. Dóibh siúd ar suim leo an stair, tionóladh an chéad Oireachtas sa Seomra Cruinn i mBaile Átha Cliath ar 17 Bealtaine, 1897. Is ionann Oireachtas agus ‘mór thionól’ agus is é sin bunús an tOireachtas ina bhfuil an Dáil, an Seanad agus an tUachtarán suite le chéile.
Is é seo an dara huair a bheidh an fhéile á reáchtáil sa chathair is mó san oir thuaisceart ach an chéad uair ó bhí Comhaontú Aoine an Chéasta ann i 1998 agus sna sála ar chinneadh cúpla seachtain ó shin polasaí dhá teangach a chur i bhfeidhm i gcathair a chuir fáilte fhuar roimh an teanga sna blianta atá caite.
Nuair a reáchtáladh an tOireachtas i mBéal Feirste go deireanach i 1997, bhí aer an dóchais sa an aer agus cainteanna ar bun chun teacht ar dheireadh chríochnúil le tús an phróisis síochána.
Anois beagnach 30 bliain níos déanaí tá cuid mhór dul chun cinn déanta, tá fás tagtha ar líon na ndaltaí ag freastal ar iliomad bunscoileanna agus an t-aon mheánscoil lán Ghaeilge sa chathair, Coláiste Feirste
Mura bhfuil Gaeltacht oifigiúil sa chathair, tá Ceathrú Gaeltachta ann in iarthar na cathrach, croí cheantar traidisiúnta na teanga agus suíomh cuid de láithreacha íocónacha na Gaeilge sa chathair, Cultúrlann McAdam Ó Fíaich agus Cumann Chluain Aird, ach tá pobail Gaelach i ngach cuid den chathair anois, fiú in oirthear dílseach Bhéal Feirste mar atá obair ar bun chun scoil nua lán Ghaeilge, Scoil na Seolta, alonnú.
Tá teannas fós san aer nó níl páirtithe aontachtacha sásta leis an bpolasaí nua dhá teangach atá glactha leis ag móramh chomhairleoirí na cathrach agus iad ag cur in éadan an Ghaeilge a bheith ar chomharthaíocht dhá theangach ina gceantair, mar a áiríonn siad iad.
Ach glacfaidh an polataíocht céim ar chúl agus an cultúr céim chun tosaigh idir seo agus an Domhnach fad is a bheidh an fhéile seo, a mheallfaidh suas le 10,000 cuairteoir ar an gcathair agus a spreagfaidh caiteachas de thuairim is £6m/€8m as seo go dtí an Domhnach.
Tosnaíonn an fhéile ar an gCéadaoin nuair a dhéanfaidh Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, an oscailt oifigiúil agus beidh go leor duaiseanna le bronnadh aige an lá céanna nó tá na gradaim litheartha le bronnadh ar go leor scríbhneoirí, filí agus údair léannta san iarnóin agus, istoíche, beidh réalta na Gaeilge, aisteoirí, iriseoirí, craoltóirí agus láithreoirí amuigh ina n-éadaí manglama d’ócáid bronnta na nGradam Cumarsáide.
Tá éagsúlacht mhór chomórtais d’aois ghrúpaí ó faoi 10 go dtí os cionn 35 – agus iad ag iomaíocht do bhoinn don scéalaíocht, lúibíní, agallaimh bheirte, amhránaíocht ar an sean nós, amhránaíocht saothair, amhránaíocht nach é an sean nós agus go leor eile. Tá comórtais do chóracha ag filleadh i mbliana agus ceaptar go mbeidh beagnach mile iomaitheoir páirteach sna comórtais éagsúla, an líon is airde le blianta fada.
Related Reads Irish will be working language in Áras an Uachtaráin during Catherine Connolly’s term Gaeilge le bheith ina teanga oibre san Áras le linn téarma Uachtaránachta Catherine Connolly Connolly go maith chun tosaigh sna ceantair Ghaeltachta
I measc na mbuaic phointí eile ag an fhéile chúig lá seo, beidh:
Déardaoin is ea lá na n-óg go traidisiúnta agus beidh na hionaid lán le hiomaitheoirí agus a dtuismitheoirí le haghaidh comórtais éagsúla. An oíche sin, áfach, beidh deis ag daoine óga atá níos sine, scoláirí tríú libhéil is eile freastal ar ghig speisialta le DJ Próvaí agus Moglaí Bap ó Kneecap in éineacht le haoi speisialta, Le Boom. Tá na ticéid ar fad, a raibh ar díol ar £15, ceannaithe. Comórtais sean nóis idir amhránaíocht agus rince. Is ag an Oireachtas a bhíonn triail ar fhonnadóirí is damhsóirí ar an sean nós is beidh comórtais ann do dhaoine óga agus do dhaoine fásta as seo go dtí an tSathairn. Is é Corn Uí Riada an príomh chomórtas d’amhránaithe a bhuaigh Comórtas na bhFear nó Comórtas na mBan roimhe seo agus beidh iomaíocht ghéar don trófaí ata ainmnithe in ómós do Sheán Ó Riada. Craolfar na príomh chomórtais amhránaíochta ar an sean nós ar RTÉ RnaG agus beidh Steip, an comórtas rince ar an sean nós, le feiceáil ar TG4 tráthnóna Dé Sathairn. Is iomaí leabhar a sheolfar nó scannán a bhfaighidh a chéad taispeántas le linn an Oireachtais is beidh áiseanna nua don teanga á seoladh ann freisin – ina measc tá FOTHEIDIL, córas a dhéanann tras-scríobh ar comhaid fhuaime nó físeáin. Tabharfar spléachadh ar Theicneolaíochtaí AI agus ar áiseanna ABAIR. atá á eagrú ag an tSaotharlann Fhoghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide. Cuirfear tús le féile nua do scannáin Gaeilge agus i dteanga mhionlaigh eile, Flix Feirste an oíche sin. I dteannta sin beidh go leor plé agus cur agus cúitimh ann. Beidh seimineáir faoi logainmneacha, cúrsaí na meáin chlóite as Gaeilge, pleanáil teanga agus faoi mór cheisteanna an lae don Ghaeilge is don Ghaeltacht. Beidh TG4 ag reáchtáil maistir ranganna i scríbhneoireacht don dteilifís is tá Ros na Rún ag reáchtáil ceardlanna don aisteoireacht. Beidh Aonach an Oireachtais ann ag a bhfuil togha gach t-léine is rogha gach féirín teanga le fáil ann. Tá an t-eolas iomlán faoi imeachtaí na féile, a thiocfaidh clabhsúr leo le seirbhísí eaglasta ar an Domhnach, le fáil ag suíomh idirlín an Oireachtais. An bhliain seo chugainn beidh Fleá Cheoil na hÉireann á reáchtáil sa chathair don gcéad uair.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
View 10 comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,816 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6853252; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/oireachtas-na-gaeilge-i-mbeal-feirste-aris-6853252-Oct2025/?embedpost=6853252&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/oireachtas-na-gaeilge-i-mbeal-feirste-aris-6853252-Oct2025/?embedpost=6853252&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/oireachtas-na-gaeilge-i-mbeal-feirste-aris-6853252-Oct2025/?embedpost=6853252&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →