Dáimh Scoil Mhúscraí ag fiafraí an féidir leis an intleacht shaorga dán Ghaeilge a chumadh?
By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 27 December 2025
Tá cúirt filíochta a athbunaíodh céad bliain ó shin ag tabhairt slán traidisiún filíochta Mhúscraí i gContae Chorcaí go fóill.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
IS BEAG DÚSHLÁN nach féidir an intleacht shaorga a úsáid chun tabhairt faoi i ndomhan atá ag brath níos mó ná riamh ar theicneolaíocht ach, anois,tá an cheist á chur ag institiúid filíochta Ghaeltachta cé acu an féidir é a úsáid chun filíocht a scríobh? Dán as Gaeilge abair?
Is mise an Cléireach ar Dháimh Scoil Mhúscraí, tionól bliantúil filíochta a thagann le chéile idir an dhá Nollaig, Lá Nollaig Mhór agus Lá Nollaig na mBan, agus is é ceann de na cúramaí a bhíonn ag an Cléireach ceist a scríobh a spreagfaidh na filí agus na rannairí eile chun pínn.
I mbliana, ós rud é gurb é an intleacht shaorga ainnir na h-uaire, nó údar conspóide na linne más fearr leat , spreagadh me chun an cheist a chur ag fiafraí cé acu an bhféadfaí an uirlis nua theicneolaíochta seo a úsáid chun dán as Gaeilge a scríobh?
Tionólfar an Dáimh Scoil san iarnóin (ag tosnú ar 3in) an Domhnach beag seo, 28 Nollaig, in Áras Éamon Mac Suibhne i gCúil Aodha i nGaeltacht Chorcaí. Athbhunaíodh an Dáimh Scoil céad bliain ó shin sa cheantar tar éis go raibh sé imithe i léig beagnach 100 bliain roimhe sin.
Pádraig Ó Cruadhlaoich (Gaedhal na nGaedhal a thabharfadh sé air féin mar ainm chléite), Dómhnall Ó Ceocháin agus Pádraig Mac Suibhne (An Suibhneach Meann) an triúr cara le suim sa bhfilíocht a tháinig le chéile ar Lá Fhéile Stíofáin 1925 chun Dáimh Scoil Bhaile Mhúirne a bhunú – d’athraíodh an ainm níos déanaí chun a chinntiú go mbeadh fáilte roimh dhaoine ó gach cúinne de Mhúscraí, barúntacht Ghaeltachta i gcroí lár Chontae Chorcaí.
Bhíodh cúirt filíochta i mBaile Mhúirne i dTigh na Cille in aice le Reilig Ghobnatan. Thug Aogán Ó Rathaille cuairt uirthí sin timpeall na bliana 1700.
Ní mó ná ócáid chomhluadair é an Dáimh Scoil go fóill. Tagann daoine ann, bíonn dánta ag roinnt acu agus bíonn an chuid eile ag éisteacht agus ag baint taithneamh as na saothair a bhíonn ag na rannadóirí. Níl aon chomórtas ann ná moltóireacht ná breithiúnas – is é an rud is mó ar feidir leis an bhfile bheith ag súil leis ná scairteadh gáirí is bualadh bos.
Sa lá atá inniu ann, tá an Dáimh Scoil an chosúil leis an cineál ócáide a bhíodh ann céad bliain ó shin. Sa chéad dul síos déanann Uachtarán na Dáimhe cuireadh atá scríte aige nó aici i bhfoirm véarsaí a aithris agus bionn deis ag na filí freagra a thabhairt ar an Uachtarán, arís i bhfoirm véarsaí.
I mbliana tá Seán Óg Ó Duinnín, ard mhaistir ar mheánscoil áitiúil agus fear atá tar éis dhá cheoldhráma a raibh rath orthu a chumadh agus a léiriú, tofa ina Uachtarán don gcéad uair.
D’fhéadfá a rá go bhfuil filíocht san fhuil ag Seán Óg mar a bhí a athair, Seán, rann pháirteach gan teip sa Dáimh Scoil thar na mblianta agus é ag aithris dánta greannmhara is caointe is eile ann go bliantúil go dtí gur cailleadh é i 2009.
Tá traidisiún na filíochta insan oidhreacht agamsa freisin. Bhí m’athair, Dónal, ina fhile a ghlac páirt sa Dáimh Scoil gach bliain agus bhí m’úncail, Peadar, ina Chléireach romham. Sean úncail liom abea Pádraig Mac Suibhne (An Suibhneach Meann).
Thar na mblianta ó bunaíodh é ghnóthaigh an Dáimh Scoil cáil sa mhéid is go bhfuair dánta agus amhráin a cumadh ann éisteacht níos forleithne. Go deimhin bhí ‘An Poc Ar Buile’ ar bharr na gcairteacha in Éirinn breis is trí scór bliain ó shin, amhrán a chum Dómhnall Ó Mulláin, feirmeoir le feith na filíochta a raibh cónaí air i Screathan na nGamhan, taobh thiar de Chúil Aodha.
Uair éigean sna 1940í, a chan an Mullánach An Poc Ar Buile don gcéad uair ag an nDáimh Scoil. Timpeall ar scór bliain níos déanaí rinne Seán Ó Sé, amhránaí ó láimh le Beanntraí ach a raibh ag múineadh i gcathair Chorcaí, agus Seán Ó Riada é a thaifead.
Is mar thoradh ar an dtaifead sin go raibh an amhrán ina ‘bhuile’ nó mar a deirtear as Gaeilge, ‘i mbéal na ndaoine’. Agus is minic atá sé canta ó shin ag Ó Sé, chomh minic sin, go deimhin, go dtugtar ‘An Pocar’ air mar leasainm i gCorcaigh!
Is iomaí amhrán eile, amhráin ar chuala tú iad ar scoil b’fhéidir, leithéidí ‘Táimse agus Máire’, ‘Scoil Bharr d’ínse’, ‘Na Táilliúirí’ agus eile, a chum an Mullánach agus filí eile sa cheantar don nDáimh Scoil, ócaid thaithneamhach a thugadh daoine le chéile le h-aghaidh comhluadar agus éigse i ndúlaíocht an Gheimhridh.
Bhuaigh filí na Dáimhe, leithéidí Pádraig Ó Cruadhlaoich, Pádraig Mac Suibhne agus Proinsías Ó Ceallaigh, duaiseanna go leor ag Oireachtas na Gaeilge lena saothair filíochta agus bhí dánta ag scríbhneoirí eile ar nós Peadar Ó Liatháin agus Séamus Ó Céilleachair a roghnaíodh chun dul ar shiollabas na Gaeilge do dhaltaí meánscoile ar feadh seal.
Related Reads An Roinn ’Digitiúcháin’, an Rannóg Aistriúcháin, foclóir nua agus beocht na Gaeilge Beidh an Ghaeilge sa chéad áit san Áras, deir an tUachtarán Connolly san aitheasc insealbhaithe Cliabhán Kneecap is Harland & Wolff, Béal Feirste, ag cur fáilte roimh Oireachtas na Gaeilge
San am go raibh an Dáimh Scoil in ard a’réime, agus na céadta ag freastal ar an imeacht ó gach cúinne den tír sna 1940í-1960í, bhí an saol i bhfad níos dorcha ná mar atá sé anois, gan fiú soilse phoiblí i gCúil Aodha gan trácht ar theilifís nó idirlín agus mar sin bhíodh fuíollach ama ag dhaoine bheith ag tabhairt faoin bhfilíocht a chumadh. Bhíodh córas ag an Dáimh Scoil, mar a bhíodh ag na bard scoileanna in Éirinn fadó, chun ceadúnas a bhronnadh ar scríbhneoirí a raibh caighdeán ard bainte amach acu lena saothar ag léiriú go raibh na scileanna cuí acu agus go bhféadfaidís filí a thabhairt orthu féin.
Ní raibh aon ghá le ceadúnas chun do véarsaí a chuir i láthair ag an nDáimh Scoil – agus níl fós. Is amhlaidh gur meabhrú a raibh ann go bhféadfadh duine a chuid scileanna a fheabhsú agus slacht a chuir ar a shaothar.
Tá rialacha maidir le rithim, rím, meadracht agus comhréir siollaí is a leithéid agus is féidir iad a fhoghlaim chun saothar níos fearr agus níos fileata a chumadh.
Is é an rud atá ar chúl cheist na bliana seo ná an féidir leis an intleacht shaorga an méid atá déanta go dtí seo a thabhairt san áireamh agus a úsáid chun dán as Gaeilge a chumadh?
eNí fios an bhfuil an intleacht shaorga ábalta filíocht a chumadh ach b’fhéidir go neosfaidh ócáid na bliana seo an féidir nó nach féidir. Mar sin féin, maireann an traidisiún filíochta i measc an phobail i Múscraí go fóill.
Beidh imeachtaí na Dáimh Scoile á chraoladh ar RTÉ Ráidió na Gaeltachta go luath san Athbhliain.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
View 3 comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,816 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6904263; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/traidisiun-filiochta-i-bpobal-gaeltachta-i-gcontae-chorcai-ar-feadh-na-ceadta-bliain-6904263-Dec2025/?embedpost=6904263&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/traidisiun-filiochta-i-bpobal-gaeltachta-i-gcontae-chorcai-ar-feadh-na-ceadta-bliain-6904263-Dec2025/?embedpost=6904263&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/traidisiun-filiochta-i-bpobal-gaeltachta-i-gcontae-chorcai-ar-feadh-na-ceadta-bliain-6904263-Dec2025/?embedpost=6904263&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →