Local news from all 26 countiesAbout us

Béal Feirste ar tí

By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 2 September 2025

Tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag iompú ó bheith ina teach fuar don Ghaeilge go teach na fáilte.

An account is an optional way to support the work we do. Find out more.

NÍL SÉ RÓ fhada ó shin gur teach fuar don Ghaeilge abea Halla na Cathrach i mBéal Feirste ach tógadh céim súntasach an tseachtain seo le cinntiú go mbeadh an comhairle cathrach sa chathair cois cuain ar cheann des na h-údaráis áitiúla is fáiltiúla, b’fhéidir, roimh an Ghaeilge ar an oileán.

Ag cruinniú den gComhairle oíche Dé Luain, vótail móramh na gcomhairleoirí ar son buiséad de £1.9m a chuir ar chúl an dréacht pholasaí Gaeilge a chuir i bhfeidhm. Tabharfaidh an comhairle a bheannú dheiridh don bpolasaí chun é a chur i bhfeidhm ag cruinniú de chuid an choiste pholasaí straitéiseach agus acmhainní i gceann coicíse.

Polasaí cuimsitheach atá sa chaipéis atá tagtha chomh fada le seo – ní gan freasúra nó bhí ionadaithe tofa ón DUP (An Pháirtí Aondachtach Daonláthach) ag léiriú a ndoicheall i leith an pholasaí ag cruinniú an Luan. Ach tá móramh ag páirtithe nach bhfuil aondachtach ar an gComhairle agus mar sin níor éirigh leo an moladh a stop.

Ag cruinniú an Luain, bhí aighneas idir chomhairleoir de chuid Sinn Féin agus ionadaí tofa an DUP. Dar leis an gComhairleoir Ciarán Beattie, bíonn an DUP de shíor ag cur i gcoinne beartais ar son na Gaeilge agus d’áitigh sé go raibh an freasúra seo tar eis costas na gcéadta míle púnt a chur ar na íocóirí rátaí ó thaobh táillí dlí. Dúirt sé go raibh daoine ann a thabharfadh cur chuige ciníoch ar seo.

Ní ró shásta a raibh Dean McCullough, an comhairleoir de chuid an DUP, a d’iarr ar Beattie cé acu ar chreid sé an raibh an DUP ‘ciníoch’.

Lean an sall agus anonn agus bhí ar an Árd Mhéara, Tracy Kelly, idirghabhail a dhéanamh le rá leo beirt narbh é seo clós na scoile. I dtéarmaí caismirtí faoin nGaeilge i Seomra na Comhairle i mBéal Feirste, níorbh aon Chath Chluain Tairbh é seo ach malartú bhunóga.

De réir an dréacht pholasaí, ba cheart go bhfaigheadh cathróir/custaiméir a iarrann seirbhís as Gaeilge seirbhís lán chomh maith is dá mbeadh sé iarrtha acu as Béarla ón gComhairle Cathrach. Tá coimitmint á thabhairt ag an gComhairle freisin an Ghaeilge a chur chun cinn sa saol phoiblí agus beartas dionghabháilte a gnlacadh chun an teanga a chraobhscaoileadh.

Beidh staiseanóireacht agus comharthaíocht poiblí an chomhairle dhá theangach nuair a bheidh an polasaí tar éis a bheannú deiridh a fháil agus tá go leor beartais eile sa chaipéis a spreagfaidh éad, b’fhéidir, ag áitritheoirí i mbailte agus cathracha ó dheas den teorainn áit go bhfuil Gaeilge ina céad teanga oifiguil ach gan an polasaí cuí i roinnt áiteanna chun feoil a chuir ar chnámha an choimitmint sin sa Bhunreacht.

Chuir Conchúr Ó Muadaigh, bainisteoir abhcóideachta Chonradh na Gaeilge fáilte roimh allúntas £1.9m an chomhairle d’fheidhmiú an pholasaí.

“Tiocfaidh athruithe suntasacha anois ar bhrandáil, ar íomhá chorparáideach, ar sheirbhísí, ar chomharthaíocht, ar lógó agus sheirbhísí digiteacha na Comhairle,” arsa Ó Muadaigh.

“Beidh níos mó Gaeilge le feiceáil ar fud na Cathrach mar thoradh ar an pholasaí nua, i gComhairle Cathrach a chuir an ruaig ar an teanga agus ar lucht a labhartha ag dul siar.

“Is cathair nua é Béal Feirste anois, agus pobal nua Gaeilge iomlán faoi bhláth, pobal atá glórach agus eagraithe agus tuisceanach ar chearta teanga.

“Beidh níos mó infheistíochta de dhíth chun cathair atá tógtha ar an Bhéarla amháin a dhéanamh inchurtha don soláthar dátheangach a bheas mar bhunchloch an pholasaí úir seo.”

Is cloch-mhíle eile an dul chun cínn seo ar bhóthar fhada atá gníomhaithe ar son cearta teanga ó thuaidh bheith sa tóir orthu agus le blianta beaga anuas mhéadaigh an bhrú ar na h-údaráis de bharr feachtais agus mór shiúil atá eagraithe ag eagrais ar nós Conradh na Gaeilge agus gluaiseachtaí cosúil leis An Dream Dearg.

Beidh an chéad ocáid mhór eile ag An Dream Dearg i mBaile Átha Cliath ar 20 Meán Fómhair nuair a bheidh grúpaí Gaeilge ó gach cuid den oileán ag tabhairt a n-aghaidheanna ar an bpríomh chathair chun tithíocht sa Ghaeltacht, breis tacaíochta don Ghaeilge sa chóras oideachais, maoiniú mar is ceart don Ghaeilge is d’eagrais teanga agus eile a éileamh.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

View 9 comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,671 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6805516; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site

600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/beal-feirste-council-policy-language-6805516-Sep2025/?embedpost=6805516&width=600&height=460" ></iframe>

400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/beal-feirste-council-policy-language-6805516-Sep2025/?embedpost=6805516&width=400&height=460" ></iframe>

300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/beal-feirste-council-policy-language-6805516-Sep2025/?embedpost=6805516&width=300&height=460" ></iframe>

By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .

View original story

Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.

About News Room →