Local news from all 26 countiesAbout us

'Gan an Phuball Gaeilge ag an Electric Picnic ní bheadh muid ann', deir Kneecap

By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 7 September 2025

Thug baill Kneecap léargas ar an gcabhair a fuair siad ag tosnú amach a thug ón bPuball Ghaeilge iad go dtí an príomh ardán ag an Electric Picnic in agallamh ar chlár TG4, Beo ón Electric Picnic.

An account is an optional way to support the work we do. Find out more.

Tá léargas nua tugtha ag an mbanna ceoil ó Bhéal Feirste, Kneecap, ar an árdán tabhachtach a fuair siad sa Phuball Gaeilge ag an Electric Picnic ó bheirt cheannródaí i saol an cheoil as Gaeilge, Ronán Mac Aodha Bhuí an craoltóir ó RTÉ RnaG a cailleadh cúpla bliain ó shin agus Rossa Ó Snodaigh, a bhí ina cheannródaí leis an t-ionad Gaeilge ag an Picnic, agus iad ag tosnú amach.

Dar le Moglaí Bap agus DJ Próvaí, agus iad ag labhairt le linn agallaimh ar an gclár le John Sharpson agus Síomha Ní Ruairc, b’é an gig a fuair siad ag seinnt ós comhair 80 duine sa Phuball Gaeilge ag an Picnic Leictreach i 2018 a chuir ar an mbóthar iad l;e bheith ar an bpríomh ardán ag an mór fhéile i mbliana, áit a raibh breis agus 40,000 sa lucht féachana.

Anois agus an Picnic thart is ticéid na bliana seo chughainn ar díol theana féin, t á TG4 ag sruthú trí amhrán ó sheit beo Kneecap ar an bpríomh ardán agus tá agallamh eisíach le Moglaí Bap agus DJ Próvaí ar an gclár, Beo ón Electric Picnic , a craoladh ar an Domhnach ach atá anois ar sheinnteoir an staisiúin.

Tagann seo an tseachtain seo agus an grúpa tar éis singil nua a éisiúint, Sayonara, agus sa bhfíseán a théann leis tá an t-aisteoir, Jamie Lee O’Donnell, a ghlac páirt in Derry Girls, i ról ‘cameo’.

Bhí an comhlacht léirithe, Ochto484, ag scannánaíocht sa Chollchoill agus ag an Puball Ghaeilge is ag ardáin eile timpeall an Picnic le linn na deireadh seachtaine le h-aghaidh clár bhuaicphointí 90 noimead a craoladh ar TG4 oíche Dé Domhnaigh, Beo ón Electric Picnic.

Agus iad faoi agallamh ag laithreoirí an chláir Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson, thug Moglaí Bap agus DJ Próvaí súntas don turas atá déanta acu ó chéad tháinig siad go dtí an Sráidbhaile agus créidiúint don mbeirt a thug cuireadh dóibh agus gach tacaíocht agus iad ag tosnú amach.

Agus dúirt DJ Próvaí ná raibh a fhios acu cén sprioc a bhí acu nuair a thosnaigh siad isteach ach ba léir ná raibh siad ag smaoineamh ar an bpríomh stáitse ag an Electric Picnic.

“Tá fhios againn nuair a thosnaigh muid amach, ceann de na céad uaireannta a rabhmar ar stáitse chomh mór sin agus go raibh cúpla míle duine i láthair, bhí muid anseo – sin an chéad uair a mhothaigh muid go bhféadfaimís é a ghlacadh níos faide ar aghaidh agus bheith ar an stáitse mór.’

Ag an stad sin san agallamh, rinne Moglaí Bap pointe tabhachtach.

Le linn na deireadh seachtaine, bhí go leor amhránaithe is grúpaí ag seinnt ón dhá árdán – leithéidí John Spillane, IMLÉ, Dysania agus rannpháirtithe scéim nua Ráidió Rí Rá, Glór Ár Linne – agus bhí fuiollach imeachtaí eile ar nós Ióga As Gaeilge, painéil plé agus eile le taithneamh a bhaint astu freisin.

Ba dhíol súntais ag go leor go raibh clár dá leithéid á chraoladh ar TG4, clár a chuir go leor i gcomparáid ar bhealach dearfach leis an gclúdach a rinne an BBC ar fhéile Glastonbury. Labhair Cian Mac Carthaigh ón gcomhlacht le The Journal faoi conas mar a tháinig sé go raibh an chlár ann ar chorr ar bith.

Related Reads Streachailt phearsanta Moglaí Bap ó Kneecap léirithe i ndráma Gaeilge

Mhínigh Cian gur lean na comhráití le TG4 agus, freisin, le lucht an Electric Picnic, Melvin Benn, stiurthóir an Picnic, agus Anton Cullen, an Corcaíoch i bhfeidhil ar an gCollchoill ar feadh tamall ach bhí an ‘iompú thart’ ó smaoineamh go clár ana thapaidh, a bhuíochas do chách a bhí chomh tacúil leis an dtogra.

“Nuair a chuala Antón faoi agus an spéis atá aige sa Ghaeilge, chuidigh seisean go mór, mór.”

Nuair a tháinig an deireadh seachtaine mór, mar sin, bhí timpeall ar 30 ag obair ar an gclár idir ceamradóirí, eagarthóirí agus eile agus bhí an eagarthóireacht ag dul ar aghaidh i leoraí chraoltóireacht sheachtrach ar an suíomh le go mbeadh an clár 90 noimead réidh ar an Domhnach le craoladh an oíche sin.

“Chaith mé an lá go léir sa leaba Dé Luain,” dúirt Cian. “Ba mhór an iarracht a dhein an foireann ar fad agus lucht EP agus muintir TG4 agus d’éirigh go geal leis, táimíd chomh sásta le sin.”

“Ba bhreá linne é a dhéanamh arís, tá féidireachtaí ann gan dabht agus tá spéis ag daoine ann is tá an t-uafás ceoltóirí Éireannacha ann ar aon nós agus ní rabhmar ábalta ach cuid bheag de sin a chlúdach an deireadh seachtaine seo.

“Tá deiseanna ann cinnte, go h-áirithe leis an nGaeilge agus ceoltóirí Éireannacha, agus go h-áirithe leis an spás sin, an Chollchoill – níl aon rud deimhnithe go fóill ach táim ag ceapadh gur léirigh TG4 agus na daoine a bhí ag obair liomsa anseo go bhfuil féidireachtaí ann agus go leor spéise freisin.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

View 15 comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,816 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6806268; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site

600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/kneecap-ag-caint-faoin-uair-a-sheinn-siad-ag-an-electric-picnic-don-gcead-uair-i-2018-6806268-Sep2025/?embedpost=6806268&width=600&height=460" ></iframe>

400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/kneecap-ag-caint-faoin-uair-a-sheinn-siad-ag-an-electric-picnic-don-gcead-uair-i-2018-6806268-Sep2025/?embedpost=6806268&width=400&height=460" ></iframe>

300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/kneecap-ag-caint-faoin-uair-a-sheinn-siad-ag-an-electric-picnic-don-gcead-uair-i-2018-6806268-Sep2025/?embedpost=6806268&width=300&height=460" ></iframe>

By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .

View original story

Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.

About News Room →