'Masla é sin ar an rud is ealaín ann': fritonn faoi chomórtas intleachta saorga an Údaráis
By Conor Brumell · The Journal · 22 December 2025
Chosain Údarás na Gaeltachta a gcinneadh an comórtas a chur ar siúl.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
TÁ ÚDARÁS NA Gaeltachta tar éis frithfhreagairt a tharraingt orthu féin mar gheall ar chomórtas a bhunaigh siad, a iarann ar rannpháirtithe uirlisí intleachta saorga (IS) a úsáid chun físeáin ‘cruthaitheacha’ a dhéanamh.
D’fhógair an ghníomhaireacht rialtais an comórtas ar na meáin shóisialta agus chruthaigh siad físeán le hIS.
Taispeántar cúpla radharc éagsúla san físeán cosúil le hiasc atá ag canadh isteach i micreafón – a athraíonn níos deireanaí sa radharc ó bhonn ina duine daonna – agus banna ceoil iomlán K-pop eile ag ceol agus ag damhsa ar thrá éigin in Éirinn.
Dúirt Údarás na Gaeltachta gur theanga bheo í an Ghaeilge agus go bhfuil an intleacht shaorga ag oscailt doirse nua don Ghaeilge sa scannánaíocht.
Iarrtar ar rannpháirtithe cur isteach ar an gcomórtas roimh 16 Eanáir agus tá duais €6000 euro ar fáil don té a bhuafaidh an comórtas.
“Ní dóigh liom gurb é seo an áit is fearr cistí a leitdháileadh. Ní thiocfaidh aon rud as ach slata tionscadal faoi bhunchaighdeán a thagann ó raiméis leanúnach de thaispeántais scríofa go dtí go bhfaigheann tú rud inúsáidte, le meascán de phíosaí agus gan aon chomhthionól nó cruthaitheacht,” a dúirt úsáideoir amháin.
“Tá sé seo chomh maslach iarraidh ar dhaoine IS a úsáid. Is náisiún chomh cruthaitheach agus ealaíonta muid. Táim ar buile le Rialtas na hÉireann faoi seo. Tabhair íocaíocht d’ealaíontóirí Éireannacha,” a dúirt duine eile.
Dúirt duine éigin eile: “Na daoine a bhfuil cúram dáiríre acu agus a bhfuil tuiscint acu faoi na féidearthachtaí atá ann le scannánaíocht, ní bhainfidh siad úsáid as IS. Níl eagla orthu roimh obair chrua agus tabharfaidh siad a gcuid oibre go háit eile a léiríonn meas ar a gcuid ama, scileanna agus iarracht mar ealaíontóirí. Tá sé seo tromchúiseach ón Údarás.”
Deir an scríbhneoir agus aistritheoir Eoin McEvoy, a oibríonn trí mheán na Gaeilge, nach bhfuil sé ag iarraidh caitheamh rómhór ar Údarás na Gaeltachta, ach síleann sé nach ndéanann an físeán é féin ciall agus go bhfuil sé “áiféiseach”.
“An radharc sin leis an iasc i mbun amhránaíochta – is masla é sin ar an rud is ealaín ann agus léiríonn sé a laghad sin tuisceana faoi phróiseas cruthaitheach na n-ealaíontóirí faoi cad is fiú d’ealaín a bheith ann.”
Tá 80 ealaíontóir mar bhall den chomharghrúpa Aerach Aiteach Gaelach agus i ráiteas a foilsíodh ar líne, mhol coiste an ghrúpa d’ealaíontóirí gan chur isteach ar an gcomórtas.
Dar leis an ngrúpa, tá “pobal na n-ealaíon trí chéile corraithe mar gheall ar an tionchar diúltach atá an intleacht shaorga a imirt ar a gceird”.
Tá impleachtaí móra, diúltacha ag baint leis an intleacht shaorga faoi mar a bhaineann sí le cumas an duine smaoineamh go neamhspleách agus le cruthaitheacht an duine.
Dar leo, is ábhar mór buartha freisin é an brú a chuireann úsáid na hintleachta saorga ar an timpeallacht. Bíonn IS ag cur na mílte tonna dé-ocsaíd charbóin isteach san atmaisféar gach bliain.
D’inis Údarás do The Journal go bhfuil cúram orthu mar eagraíocht thar ceann an Rialtais forbairt a dhéanamh ar an ngné Intleacht Shaorga de Phlean Digiteach na Gaeilge 2023-2027.
Ag labhairt dó i gcáil phearsanta le The Journal , dúirt McEvoy, atá mar bhall den choiste AAG, go bhfuil amhras air go ginearálta “go bhfuil an intleacht shaorga chun aon rud a fheabhsú sa Ghaeltacht”.
“Tá fadhbanna sa Ghaeltacht ann le hinfreastruchtúr agus le fostaíocht, agus má tá an t-airgead ag dul isteach in Údarás na Gaeltachta, dar liom gur cheart go mbeadh sé ag freastal ar phobal na Gaeltachta thar aon rud eile,” a dúirt sé.
“Agus ní fheictear dom cén chaoi a gcabhróidh comórtas mar seo nó aon rud a bhaineann leis an intleacht shaorga leis na fadhbanna sin.”
Deir McEvoy go bhfuil ealaín na Gaeilge faoi bhláth agus go bhfuil pobal láidir d’ealaíontóirí a chruthaíonn táirge trí mheán Ghaeilge in Éirinn.
Ní rud é go bhfuil bearna ann, a deir sé, ach má tá, is dóigh leis gurbh fhearr an rud é airgead a chur isteach sna healaíona agus tallann a fhorbairt seachas acmhainní a dhíriú ar an intleacht shaorga.
“Baineann sé seo leis an scannánaíocht in Éirinn. Cinnte, tá pobal ealaíne na Gaeilge níos lú ná mar a bheadh pobal an Bhéarla atá ag obair in ealaín in Éirinn, ach tá na haisteoirí agus na stiúrthóirí ann,” a dúirt sé.
“Má fheictear go bhfuil bearna ann ó thaobh stiúrthóirí nó aistritheoirí na Gaeilge, cuir an t-airgead isteach sa traenáil.
“Faigh aisteoirí le Béarla isteach agus múineadh Gaeilge dóibh nó faigh feidhmíocht na Gaeilge isteach agus múin dóibh conas aistriúchán a dhéanamh.
“Tá go leor bealaí ann le dul i ngleic le bearnaí ansin seachas fáil réidh le daoine ar fad agus iarraidh ar mheaisín seasamh isteach ina n-ionad. Is í an ealaín agus na healaíontóirí, an ceangal daonna sin a mheallfaidh daoine isteach don Ghaeilge, ní meaisíní,” a dúirt sé.
Ag freagairt dóibh ar fhiosrú ó The Journal , dúirt Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad ag iarraidh an ról agus an tiomantas mar “chrann taca don earnáil chlos-amharc sa Ghaeltacht a dheimhniú” a chur in iúl.
“Chuige sin, chuir muid in áit an togra Scéalaí mar dheis tús a chur le plé maidir leis an ngné seo den Intleacht Shaorga, chomh maith le na huirlisí, na deiseanna agus na dúshláin a chur os comhair pobal na Gaeltachta agus an pobal labhartha Gaeilge.”
Luann siad gur fhógair siad tacaíocht €600,000 don earnáil chruthaitheach i bhfoirm comhpháirtíocht le TG4 luach €1.2 milliún ar an 3ú Nollaig, ag daingniú fostaíocht don earnáil chruthaitheach do na blianta amach romhainn.
Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil athruithe suntasacha i ndán go hidirnáisiúnta trasna mórán réimsí uile na heacnamaíochta de bharr na hIntleachta Saorga, agus go bhfuil cúram orthu a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht lárnach sna hathruithe sin.
“Aithníonn muid go bhfuil imní ag baint leis an mhíchinnteacht a bhaineann leis an Intleacht Shaorga, ach tá muid ríshoiléir gurb é an ról s’againne ná fostaíocht a chosaint sa Ghaeltacht, na bagairtí chuige sin a aithint agus céimeanna cuí a thógáil más ann dóibh.”
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
View comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,816 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6908079; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/udaras-na-gaeltachta-3-6908079-Dec2025/?embedpost=6908079&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/udaras-na-gaeltachta-3-6908079-Dec2025/?embedpost=6908079&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/udaras-na-gaeltachta-3-6908079-Dec2025/?embedpost=6908079&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Conor Brumell for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →