Éiríonn le Reifreann TCD ar Bheartas Gaeilge Aontais na Mac Léinn le Tromlach Ollmhór, agus AML i gColáiste na Tríonóide ag Éileamh an Chirt chun Oideachas Tríú Leibhéal a Fháil trí Ghaeilge - 13ú Deaireadh Fómhair, 2026 | RadioKerry.ie
By Meabh Lawlee · Radio Kerry · 13 October 2026

Listen
Tháinig líon ollmhór de mhic léinn amach an tseachtain seo caite chun vóta a chaitheamh i reifreann a mhol dhá athrú ar Bhunreacht Aontas na Mac Léinn, agus an...
Tháinig líon ollmhór de mhic léinn amach an tseachtain seo caite chun vóta a chaitheamh i reifreann a mhol dhá athrú ar Bhunreacht Aontas na Mac Léinn, agus an dá athrú dírithe ar úsáid na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide a mhéadú. Labhraím le Sadhbh Nic Philibín, ón gCumann Gaelach TCD, a mhínionn na hathruithe atá á ndéanamh go díreach agus ar an gcaoi a mbaineann siad, sa deireadh thiar, leis an sprioc fhadtéarmach go mbeadh daoine in ann teacht ar oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge. Pléitear an easpa rochtana ar chúrsaí trí Ghaeilge in ollscoileanna na hÉireann ar fad. Leagtar béim freisin ar na deiseanna fostaíochta breise a d’fhéadfadh teacht as lucht saothair a mbeadh cumas níos fearr Gaeilge acu, agus ar an gceangal atá aige sin le beartas an rialtais. Faoin Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021, tá sprioc reachtúil leagtha síos ag an rialtas go mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge ag 20% de na daoine nua-earcaithe ar fad san earnáil phoiblí faoin mbliain 2030. Cé gur féidir le mic léinn a gcuid scolaíochta bunscoile agus meánscoile a fháil trí Ghaeilge, ní théann an deis sin ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Is féidir féachaint air seo mar bhearna sa slabhra oideachais, rud a chuireann srian ar sholáthar céimithe atá inniúil sa Ghaeilge i réimsí ar nós an eolaíocht agus an teicneolaíocht.
TCD’s Referendum on SU Irish Policy Passes with Landslide Majority as Trinity’s Students' Union Push for the Right to a Third Level Education Through Irish
Record numbers of students turned out last week to vote in a referendum proposing two changes to the students' union's constitution, both relating to increasing the level of Irish in Trinity College. Sadhbh Nic Philibín, from the Cumann Gaelach TCD, joins me to explain exactly what changes are being made, and how they ultimately relate to the longer-term aim of being able to access a third-level education through Irish. The lack of access to courses through Irish across all Irish Universities is discussed. The increased employment potential of a more Irish-fluent workforce is highlighted, and how it links back to government’s policy. Under the Official Languages Act 2021, government have a legal target stating that 20% of all new recruits to the public sector must be competent in Irish by 2030. While students can access primary and secondary schooling through Irish, it stops there. This can be seen as a gap in the educational chain of providing graduates proficient in Irish in areas such as science or technology.
Reporting by Meabh Lawlee for Radio Kerry, funded by the News Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →