Comharbaí Kneecap á lorg i nGaoth Dobhair, tobar na cruthaitheachta á thaoscadh i nDún Chaoin
By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 26 September 2025
Beidh ceol chomhaimsearta as Gaeilge agus amhránaíocht ar an sean nós le clos ag dhá fhéile Gaelach atá á reáchtáil an deireadh seachtaine seo.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
BEIDH NA GAEIL ag freastal ar dhá fhéile an deireadh seachtaine – ceann acu i nGaoth Dobhair a thugann chun cuimhne ceannródaí craoltóireachta a spreag leithéidí Kneecap agus eile chun tabhairt faoin gceol comhaimseartha as Gaeilge agus ceann eile in iarthar Dhuibhneach a dhéanfaidh ceiliúradh ar oidhreacht na mBlascaod agus an saibhreas litríochta agus béaloidis a thug pobal na n-oileán san don domhan.
Osclóidh Ambasadóir na Palaistíne, Jilan Wahba Abdalmajid, Dorn san Aer in Amharclann Ghaoth Dobhair anocht (tráthnóna Dé hAoine) chun tús a chur le deireadh seachtaine de choirmeacha ceoil, seimineair, ceardlanna agus imeachtaí eile atá mar sprioc acu ceiliúradh a dhéanamh ar Rónán Mac Aodha Bhuí , craoltóir RTÉ RnaG agus ceannródaí ar go leor bealaí.
Bhí Rónán Mac Aodha Bhuí ina chraoltóir le RTÉ RnaG agus ina cheannródaí i ngluaiseacht na Gaeilge. Cailleadh é i Meán Fómhair 2023. RTÉ RTÉ
Cailleadh Mac Aodha Bhuí cothrom an ama seo dhá bhliain ó shin tar éis do bheith buailte le tamall le hailse. Tugadh é chun cuimhne ag mór agóid an deireadh seachtaine i mBaile Átha Cliath nó b’é an fear a’tí ag an agóid dheireanach ar son cearta teanga sa phríomh chathair i 2014.
Cé go raibh cairde agus comhghleacaithe Mac Aodha Bhuí faoi bhrón tar éis a bháis, bheartaigh siad a shaol a cheiliúradh le féile a thug chun cuimhne a rosc catha, Dorn san Aer, manna a bheadh á chraoladh aige go minic le linn a chláir ar RTÉ RnaG, Rónán Beo.
Ar na bannaí ceoil a bheidh ar an ardán anocht, tá Huartán, Cigire na bPuntaí agus Ramper. Oíche Shatharn beidh Bréag, an banna Feirsteach a thuill clú mar gheall ar an Ghaeilge agus reggae a phósadh le chéile, Grooveline agus go leor eile. Taispeánfar scannán nua léirithe ag Michael Moore, From Ground Zero , faoin sléacht atá á dhéanamh i nGaza ar an Domhnach agus beidh críoch croíúil Conallach ar an gcibeal le Ceoltóirí Thoraigh oíche Dhomhnaigh.
Beidh spéis freisin sa chomórtas a bheidh á reáchtáil i gcaitheamh an dheireadh seachtaine, Cath na mBannaí. B’é spreagadh na gceoltóirí agus grúpaí nua an chloch ba mhó ar phaidrín Mac Aodha Bhuí. Beifear ag súil le tallann óg a fheiceáil sa chomórtas seo a leanfaidh sna sála ar leithéidí Kneecap.
Is in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin a thionólfar Ceiliúradh na bliana seo. Heritage Ireland Heritage Ireland
In Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin tráthnóna a osclóidh Éamon Ó Cúív, Uachtarán an Oireachtais agus iar Aire Gaeltachta, Ceiliúradh an Bhlascaoid . Déanfar ceiliúradh ar ‘Chruthaitheacht na Muintire ó Inné go dtí Inniu’ agus beidh ócáidí chun plé a dhéanamh ar thraidisiún amhráin agus ceoil an oileáin.
Mar aon le sin beidh plé phainéal maidin Dé Sathairn chun saol agus saothar an fhile agus fhoilsitheora, Pádraig Ó Snodaigh, a chuir faoi chaibidil. Páirteach sa dioscúrsa sin beidh na scríbhneoirí, údair a d’fhoilsigh an Snodach saothair dá gcuid, Cathal Poirtéir, Pádraig Ó Cíobháin agus Pádraig Mac Fhearghusa.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
View 3 comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,671 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6827836; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/comharbai-kneecap-agus-cruthaitheacht-an-bhlascaoid-6827836-Sep2025/?embedpost=6827836&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/comharbai-kneecap-agus-cruthaitheacht-an-bhlascaoid-6827836-Sep2025/?embedpost=6827836&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/comharbai-kneecap-agus-cruthaitheacht-an-bhlascaoid-6827836-Sep2025/?embedpost=6827836&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →