Earráidí admhaithe ag Roinn na Gaeltachta i dtuarascáil phleanála teanga
By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 23 January 2026
Tá obair ar bun ar leagan nua den Tuarascáil Athbhreithnithe ar phleananna teanga a d’fhoilsigh Roinn na Gaeltachta tar éis gur tugadh figiúirí amhrasacha faoi ndeara.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
TÁ SÉ DEARBHAITHE ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta go bhfuil leasuithe sa bhreis ar bun faoin dtuarascáil athbhreithnithe ar dheich phlean teanga a foilsíodh ag tús na seachtaine seo tar éis gur ceistíodh iontaofacht roinnt de na bhfigiúirí ar baineadh úsáid astu sa chaipéis.
Niorbh iad na figiúirí amhrasacha an t-aon fhadhb leis an dtuarascáil 290 leathnach, áfach, agus is geall le h-eagrán de chlár faisnéise ag cur síos ar sheafóid mhaorláthach an méid atá tarluithe mar gheall ar an dtuarascáil ó thús na seachtaine seo.
Bhí eagrais Ghaeilge agus grúpaí Ghaeltachta tar éis bheith ag feitheamh le fada ar an dtuarascáil athbhreithnithe nó tuigeadh go raibh sé criochnaithe ag an gcomhlacht comhairleoireachta ó Bhéal Feirste, Barr Feabhais, breis is bliain ó shin.
De réir Acht na Gaeilge 2012, socraíodh go mbeadh pleananna teanga i 26 limistéir pleanála teanga (LPT) scaipithe ar fud seacht gcinn de cheantair Ghaeltachta i gcontaethe na Gaillimhe, Maigh Eo, Tír Chonaill, an Mhí, Port Láirge (na Déise), Corcaigh agus Ciarraí.
Séard atá i gceist le limistéir phleanála teanga ná an ceantar ina mbíonn ceann eagras agus oifigeach phleanála ag feidhmiú chun cur le h-úsáid na Gaeilge mar theanga phobail.
Bhí deich phlean teanga ó limistéir phleanála teanga (LPT) ar fud na tíre faoi chaibidil san tuarascáil seo. Is iad sin ná An Cheathrú Rua i gConamara, Árainn Mhór, Ciarraí Theas, Ciarraí Thiar, Chloich Chionn Fhaola, Conamara Láir, Gaeltacht na Mi, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, Na Déise agus Maigh Eo Thuaidh. Tuigtear go bhfuil sé i gceist go ndéanfar tuarascálacha athbhreithnithe ar na LPTanna eile san am atá romhainn.
Tá sé ráite ag an Roinn go mbeidh síneadh dhá bhliain ar an dtréimhse seacht mbliana a tugadh do na pleananna teanga sa chéad dul síos. Ligfidh sé do na ceanneagraíochtaí na ceachtanna ón gcéad tréimhse a chur i bhfearas don gcéad tréimhse eile.
Cé go raibh an reachtaíocht rite i 2012, níor thosnaigh an scéim ag teacht i bhfeidhm go dtí 2018 aagus ón am sin, tá eagraíochtaí pobail sna limistéir pleanála teanga seo deontas bliantúil de €100,000 nó níos mó chun oifigigh phleanála teanga a fhostú agus tograí a thionscnú chun tacú le labhairt na Gaeilge sna ceantair faoina gcúram.
Tháinig deireadh leis an gcéad tréimhse seacht mblian i 2025 agus bhí sé i gceist go mbeadh athbhreithniú déanta ar fheidhmiú dheich gcinn de phleananna teanga a thosnaigh i 2018 agus foilsithe i bhfad roimhe seo chun an treo chun tosaigh don dara tréimhse seacht mbliana a rianú.
Mar sin, nuair a foilsíodh é, ní raibh aon súil leis an gcíor thuathail a lean le laethanta beaga anuas. Ar an gcéad dul síos, ní fada go raibh ceisteanna á gcur faoin slí gur baineadh úsáid as na figiúirí dhaonáirimh sa tuarascáil. Dúirt foinse amháin gurb amhlaidh go raibh siad ag tacú leis an bport atá ag Roinn na Gaeltachta nach bhfuil éigeandáil teanga sa Ghaeltacht, fé mar atá ráite ag saineolaithe agus grúpaí feachtasaíochta le fada an lá.
Tá amhras léirithe ag oifigigh phleanála teanga faoin gcomparáid sa tuairisc athbhreithnithe idir fhigiúir le h-aghaidh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna LPTanna atá san áireamh sa tuarascáil idir na daonáirimh i 2016 agus 2022.
Sa chomparáid a foilsíodh sa tuarascáil, tugadh le fios go raibh ardú suntasach ar an gcéatadán de chainteoirí laethúla Ghaeilge idir 2016 agus 2022. I gcás Ciarraí Theas, deirtear sa tuarascáil go raibh ardú ar cheatadán na gcainteoirí laethúla ó 6.9% i 2016 go 12.46% i 2022.
I limistéirí pleanála teanga eile a raibh faoi chaibidil sa chéad tuarascáil athbhreithnithe, bhí an ardú a tuairiscíodh níos mó. Mar shampla i LPT Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, tuairiscíodh go raibh ardú ann ó 50.8% i 2016 go 61.03% i 2022.
Dar le Victor Bayda, Oifigeach Pleanála Teanga i gCiarraí Theas, tá comparáid á dhéanamh sna figiúirí sa tuarascáil a thugann léargas míchruinn ar an staid atá labhairt na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.
Tá sé tuairiscthe go raibh an chéad leagan den tuarascáil ag an Roinn ó thús an tSamhraidh i 2024. I ráiteas ón Roinn, áfach, dúradh ná raibh ‘leagan críochnúil’ den tuairisc faighte ón gcomhlacht Barr Feabhais go dtí an Fhómhair i 2025. Cibé leagan den scéal a chreideann tú, bhí idir trí mhí agus 17 mí ag an Roinn chun an tuarascáil a chíoradh ó bhun go barr.
D’iarr The Journal freagra ar shraith cheisteanna a bhain le na figiúirí céanna. Ní bhfuaireamar freagra go fóill. Sheol Oifig Phreasa na Roinne freagra chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta agus táimíd buíoch gur cuireadh an freagra sin (féach thíos) ar fáil dúinn:
Anuas ar an gcíor thuathail mar gheall ar úsáid na bhfigiúirí, bhí casadh eile ar an scéal a léirigh go raibh Dlí Uí Mhurchú i bhfeidhm ag an Roinn sa mhéid is go raibh gach rud a fhéadfadh dul in aimhreidh ag dul sa treo sin.
Bhí dhá scór moladh déanta ag údair na tuarascála bunaithe ar an dtaighde a bhí déanta acu agus iad ag iarraidh treoir a thabhairt a thacódh leis an bpróiséas sin.
Tugadh súntas don gcinneadh ag an Roinn freagraí a éisiúint ar an dhá scór moladh a deineadh sa tuarascáil nó is annamh a rinne an Roinn a leithéid roimhe.
Ceistíodh na freagraí seo le linn agallaimh ar an Aire, Dara Calleary, ar Adhmhaidin, RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Dé Luain. Níos déanaí an trathnóna céanna, d’eisigh Roinn na Gaeltachta freagraí leasuithe.
Ceistíodh an Aire Calleary faoi dhá cheann de na freagraí san le linn an agallaimh. I moladh amháin, uimhir 27(a), moladh go dtabharfaí rialachán isteach a chinnteodh go mbeadh tús áite ag cainteoirí Ghaeilge a bheadh ag lorg cead pleanála chun tithe a thógáil sa Ghaeltacht chun tosaigh ar iarrthóirí ar chead pleanála nach cainteoirí Ghaeilge iad.
Sa chéad fhreagra a thug an Roinn, dúradh go raibh an moladh sin bunaithe ar an dtuiscint go raibh iomaíocht idir chainteoirí Ghaeilge agus daoine nach cainteoirí iad do chead pleanála agus gurb é tuairim na Roinne ná raibh ann do leithéid sin d’iomaíocht. Deineadh tagairt freisin don choimitmint sa Phlean Náisiúnta Tithíochta go bhfoilseodh an Roinn Tithíochta Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht sa chéad leath de 2027. Is ionann an ráiteas seo agus na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht atá geallta bheith ar fáil go luath ar iliomad ócáidí ó 2022.
Sa fhreagra leasuithe, áfach, ní raibh aon tagairt don méid a dúradh roimhe agus an séanadh go raibh iomaíocht idir chainteoirí Ghaeilge agus iarrthóirí gan Ghaeilge. In áit sin, dúradh go ndéanfaí iarracht ‘dul i ngleic leis na deacrachtaí a bhíonn ag cainteoirí Ghaeilge cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht’.
Related Reads Plean gnímh do sheirbhísí Ghaeilge sa Stát chóras foilsithe - ach cá bhfuil an t-airgead? Conclúidí faoi phleanáil teanga san áireamh i bplean eile Rialtais don Ghaeilge: Aire Calleary ’101 bliain ag fanacht ar theach nua sa Ghaeltacht, 41 bliain i mbaile sheirbhíse Gaeltachta’
De réir mholadh eile, 27(c), dúradh go mba cheart fordheontais tithíochta a thabhairt do chónaitheoirí a raibh Gaeilge acu agus a úsáideann í. I bhfreagra na Roinne dúradh go raibh baol ann ‘ go gcuirfeadh dreasachtaí mar seo borradh faoin tógáil tithe saoire sa Ghaeltacht – rud nach bhfuil inmhianta’.
Sa fhreagra leasuithe, níor dúirt an Roinn ach go bpléifí ‘an cheist mar a bhaineann sé le dreasachtaí do chainteoirí Gaeilge atá lonnaithe sa Ghaeltacht cheana féin leis an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúla agus Oidhreachta’.
Tá amhras spreagtha freisin faoi chinneadh na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta freagraí a fhoilsiú maidir le na moltaí a rinne údair na tuarascála athbhreithnithe agus, tar éis gur
Tá fáilte teoranta curtha roimh an athbhreithniú atá déanta ag grúpaí Ghaeilge agus Ghaeltachta.
Dúirt Conradh na Gaeilge gur chuir an eagras náisiúnta abhcóideachta uile oileánda fáilte roimh “mholtaí ar nós go mbeadh tuarastal ar scála na Státseirbhíseach ag leibhéal an Ardoifigigh úsáidte don Oifigeach Pleanála Teanga, breis foirne earcaithe agus gur chóir go mbeidh gníomhú déanta ar cheisteanna tithíochta sa Ghaeltacht”.
Tagraíodh d’fhreagraí na Roinne agus dúradh gur chothaigh siad “neamhchinnteacht ann maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Stát ina thaobh”.
Dúirt John Prendergast, an bainsteoir abhcóideachta ó dheas don Chonradh, ná raibh siad “pioc níos gaire do chóras monatóireachta a bheith i bhfearas don bPróiseas Pleanála Teanga” agus gur chuir sin “díomá agus lagmhisneach ar go leor oifigigh phleanála teanga”.
“Caithfear gníomhú ar son na Gaeltachta, agus fís straistéiseach a chur le chéile don bPróiseas seo, an t-athbhreithniú san áireamh.”
Dúirt an ghrúpa Bánú, atá ag stocaireacht ar son tithíocht sa Ghaeltacht, gur fháiltigh siad roimh an mholadh sa tuarascáil go n-íocfaí fordheontais le cónaitheoirí sa Ghaeltacht le Gaeilge.
“Ach tá díomá ar BÁNÚ, th’éis a bhfuil de phlé déanta le dhá bhliain anuas le Roinn na Gaeltachta faoi fhadhb na tithíochta, nach bhfuil le rá ag an Roinn ach go bpléifear an cheist leis an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúla agus Oidhreachta,” dúirt urlabhraí.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
View comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,671 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6932197; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/ceisteanna-agus-freagrai-tar-eis-foilsiu-thuarascail-ar-phleanail-teanga-6932197-Jan2026/?embedpost=6932197&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/ceisteanna-agus-freagrai-tar-eis-foilsiu-thuarascail-ar-phleanail-teanga-6932197-Jan2026/?embedpost=6932197&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/ceisteanna-agus-freagrai-tar-eis-foilsiu-thuarascail-ar-phleanail-teanga-6932197-Jan2026/?embedpost=6932197&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →