Local news from all 26 countiesAbout us

Is í an teanga a nascann sinn - An Ghaeltacht ag ceiliúradh bua stairiúil ag Páirc an Chrócaigh

By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 12 January 2026

Deir Dara Ó Cinnéide go bhfuair An Ghaeltacht tacaíocht ó phobail Ghaeltachta ar fud na hÉireann agus ó dhiaspora Chorca Dhuibhne is iad ag dul go Craobh na hÉireann Dé Domhnaigh.

An account is an optional way to support the work we do. Find out more.

‘AN POC AR Buile’, amhrán a cumadh i nGaeltacht Mhúscraí i gContae Chorcaí, an t-amhrán a chan An Ghaeltacht, laochra peile iarthar Dhuibhneach, tar éis dóibh Craobh na hÉireann sa ghrád idirmheánach a bhuachaint faoi na thuill shoilsí i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh.

Amhrán é ‘An Poc’ agus é ag cur síos ar an chamchuairt a thug pocán gabhair trí Chorcaigh agus Ciarraí gur sroich sé Daingean Uí Chúis ‘in aghaidh an trathnóna’ atá cuí chun ceiliúradh a dhéanamh agus is cinnte go mbeidh amhráin eile á gcumadh san am atá le teacht faoin mbua seo a mhairfidh go deo i gcuimhne muintir iarthar Dhuibhneach.

Tá sé cuí freisin mar go léiríonn sé an tacaíocht atá ann do An Ghaeltacht ó phobail Gaeltachta ar fud na tíre. Bhí dóchas pobail Gaeltachta ó Ghaoth Dobhair go Cléire á iompar ag gaiscigh Chiarraí thiar i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh agus is fiú a mbua a cheiliúradh ar an mbonn sin.

Thiar i 2004, nuair a d’imir an fhoireann ó iarthar Dhuibhneach in aghaidh Caltra na Gaillimhe sa chluiche ceannais sa chomórtas sinsir, bhí Dara Ó Cinnéide ag imirt don bhfoireann in éineacht le roinnt réaltaí eile ó fhoireann Chiarraí, Dara, Tomás agus Marc Ó Sé agus Aodhán Mac Gearailt.

Anois is é an cathaoirleach ar an gcumann agus tá Aodhán Mac Gearailt ar an fhoireann roghnóirí agus is é Feargal Ó Sé, dearthar Dhara, Thomáis agus Mharc, bainisteoir na foirne.

Briseadh croí a bhí i ndán do An Ghaeltacht i 2004 agus arís i 2018 ach is scéal eile a bhreacfar sna leabhair staire tar éis bua an Domhnaigh ar Ghleann an Iolair i gContae Dhoire.

Tá sé deacair ríméad agus bród Dhara Uí Chinnéide a thomhas agus é ag labhairt ar an nguthán le The Journal maidin Dé Luain tar éis oíche dhéanach ag ceiliúradh in Ostan an Mercantile. Is léir go bhfuil sé sásta go bhfuil púcaí 2004 agus 2018 nuair a chaill siad i gcluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh fhoireann ó Thír Eoghan.

Cathaoirleach An Ghaeltacht CLG, Dara Ó Cinnéide, ag ceiliúradh bua an chumainn le hÉanna Ó Conchúir tar éis gur séideadh an fheadóg deiridh. James Lawlor / INPHO James Lawlor / INPHO / INPHO

Thug Ó Cinnéide súntas don tacaíocht a fuair an chumann ó dhiaspóra an chumainn ar fuaid na cruinne agus ó dhaoine is cumainn eile sna pobail Gaeltachta eile ar fuaid na tíre. Tar éis dóibh an cluiche leath cheannais a bhuachaint i bPáirc Uí Chaoimh seachtain roimhe sin, dúirt sé agus a chomhghleacaithe ar an bhfoireann bainistíochta go raibh gá le cúig nó sé mhíle Euro chun íoc as na costaisí a bheadh orthu i mBaile Átha Cliath.

Laistigh d’uair a chloig bhí €5,000 bailithe ag an bhfeachtas, bhí €91,000 ann an maidin roimh an chluiche agus beidh níos mó aris roimh i bhfad.

“Bhláthaigh sé agus d’fhás sé agus ní stad sé agus is dóigh liom go dtug sé ana-mhisneach dos na lads chomh maith go dtuigeadar, agus ní h-é an airgead é, ach thuigeadar go raibh oiread daoine taobh thiar dóibh agus go raibh an saghas móiminteam san ann agus go raibh an ghaoth ina seolta agus iad ag dul go Baile Átha Cliath.

“Abair daoine ó thar lear, daoine ná féadfadh a bheith age baile don gcluiche ag tabhairt cúig chéad dollar anso agus trí chéad dollar agus rudaí mar sin abair, thug sé oiread misnigh duit agus sinn ag iarraidh rud éigean a chuir i gcrich.”

In éineacht leis an airgead a tháinig i dtreo an chumainn, tháinig teachtaireachtaí tacaíochta ó gach phobal Gaeltachta in Éirinn.

“Tá a fhios againn ar fad go bhfuil diaspóra mór ag an nGaeltacht agus bhí tacaíocht iontach againn ó t ó Ghaoth Dobhair anuas go Cléire agus téacsanna agus tacaíochtaí agus rudaí mar sin a ghabháil ar feadh na seachtaine.

“Bhí fhios againn sin ó 2004, hhí muintir na Ceathrún Rua agus Gaoth Dobhair i bPáirc an Chrócaigh an lá san mar is é an teanga a nascann sinn.”

Bhí lá gnóthach ag an Chinnéideach ar an Luan, ag ullmhú an turas abhaile go Ciarraí thiar agus bhí clár ráidió le déanamh ag meán lae. Is é an bainisteoir ar RTÉ RnaG i reigiún an deiscirt agus is é An Saol Ó Dheas an clár bhratloinge don reigiún gach lá ó Luan go hAoine. Bhí an clár á chraoladh ó Ostán an Mercantile inniu agus slua ollmhór ó iarthar Dhuibhneach ann, ina measc an bainisteoir, Feargal Ó Sé, agus an ghabhar á róßtadh

“Ní thuigimíd go fóill cad atá déanta againn,” dúirt Ó Sé agus é ag labhairt ar an gclár. “Mairfidh sé go deo inár gcroithe sa chumann agus na peileadóirí óga is na leanaí óga, tá aisling anois acu san agus rudaí le cur rompu amach sa tsaol.

Related Reads In Éirinn, níl aon éalú ón aimsir, fiú amháin ag socraidí - laithreoir aimsire TG4 Dáimh Scoil Mhúscraí ag fiafraí an féidir leis an intleacht shaorga dán Ghaeilge a chumadh? ’101 bliain ag fanacht ar theach nua sa Ghaeltacht, 41 bliain i mbaile sheirbhíse Gaeltachta’

“Thar cheann na himreoirí agus an fhoireann bainistíochta, táimíd chomh morálach as na miorúiltí ar fad.”

Tá an feachtas seo ar bun le bliain nach mór ó thosnaigh an fheachtas agus thosnaigh na cartaí ag titim ar son an chumainn nuair ar éirigh le Dara áiteamh ar Fheargal teacht ar ais mar bhainisteoir. Bhí Feargal ina imreoir agus ina bhainisteoir i 2004 agus bhí muinín ann.

Thosnaigh an fheachtas le Sraith Chiarraí Thiar i mí Eanáir agus ansan Sraith an Chontae is Craobh an Chontae. Ní fada go mbeidh sraith Chiarraí Thiar na bliana seo ar siúl. Idir sin agus seo, beidh ceiliúradh le déanamh agus, an Domhnach seo chugainn, beidh siad ag cur ar leataobh an sean imreas lena gcomharsain i nDaingean Uí Chúis nó beidh An Daingean féin ag dul go Páirc a’Chrócaigh chun imirt i gCraobh na hÉireann sa ghrád sinsir.

Bíodh is go bhfuil An Ghaeltacht faoi bhrú ar nós gach cumann tuaithe eile, agus imirce ag bagairt in éineacht le ganntanas tithíochta, tá an chumann ag treabhadh leis agus ag fíorú an manna atá acu, ‘Spiorad, Croí, Caid agus Teanga’ go fóill. Tuigfidh roinnt leitheoirí gur leagan ársa den bpeil Gaelach é ‘caid’ a imrítí i gCiarraí leis na cianta Cairbre.

Nuair a imrítí ‘caid’ i gCorca Dhuibhne, áfach, bíonn sé ina chogadh dhearg idir an sé pharóiste taobh thiar den Daingean, Fionntrá, Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, Paróiste na Cille, Paróiste an Mhárthain, Paróiste Múrach. Anois agus iad nasctha faoin mbrat amháin, tá caid fós á imirt acu. Agus is deacair an spiorad sin a chloí.

Bhí an ceoltóir aitheanta Cormac Ó Beaglaoich , ag seinnt ar an gconsairtín nuair a d’fhill na h-imreoirí ar an seomra feistis. Leanfaidh an cheol is na h-amhráin agus an fhoireann ar an slí go Baile na nGall trathnóna agus na paróistí eile taobh thiar den Daingean agus, go deimhin, d’fhéadfadh sé leanúint go ceann i bhfad.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

View comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,816 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6923969; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site

600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/an-ghaeltacht-win-all-ireland-glory-for-west-kerry-in-croker-6923969-Jan2026/?embedpost=6923969&width=600&height=460" ></iframe>

400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/an-ghaeltacht-win-all-ireland-glory-for-west-kerry-in-croker-6923969-Jan2026/?embedpost=6923969&width=400&height=460" ></iframe>

300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/an-ghaeltacht-win-all-ireland-glory-for-west-kerry-in-croker-6923969-Jan2026/?embedpost=6923969&width=300&height=460" ></iframe>

By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .

View original story

Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.

About News Room →