Local news from all 26 countiesAbout us

Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile aríst

By Bill Breathnach · Galway Advertiser · 17 September 2026

Fillfidh an bhanríon mhara clúiteach Gráinne Mhaol Ní Mháille ar Chúige Chonnacht aríst nuair a léireofar an dráma nuascríofa Misneach na mBanríon i gCaisleán Achadh an Iúir, Uachtar Ard, oíche Dé hAoine.

Tá an dráma aonghnímh seo leis an drámadóir Caitríona Lane, bunaithe ar an gcruinniú stairiúil a tharla idir Gráinne Mhaol agus Banríon Shasana Éilis I - nuair a d’éirigh leis an laoch Connachtach áitiú uirthi a ngaolta gafa a scaoileadh saor.

Cuirtear béim shuntasach ar rannpháirtíocht na mban sa léiriúchán seo agus i measc na n-aisteoirí atá sa gcliar beidh Theresa Ní Argáin, Aela Ní Ghaoithín agus Caoimhe Bhán Ní Chualáin.

Ina theannta sin, cuirfidh an cláirseoir Natalie Surina go mór le hatmaisféar an dráma le ceol beo, agus Ruth Egan a bheidh i gceannas ar chúrsaí fuaime.

Bhí cuid den chliar páirteach i réamhléiriúchán den dráma a rinne an compántas drámaíochta, Na Cleasaithe, in Áras na nGael, i rith an tsamhraidh. Beidh an compántas seo ag filleadh aríst ar Chontae na Gaillimhe nuair a chuirfidh siad leagan aistrithe den dráma Caitlín Ní Uallacháin, leis an mBantiarna Gregory, ar stáitse i gCaisleán Thúr Bhaile Uí Laí, an Gort, mar chuid de Thionól Fómhair Gregory-Yeats ar an 26ú Meán Fómhair.

Tá Misneach na mBanríon á léiriú mar chuid d’Oíche Chultúir, agus mar sin beidh sé saor in aisce ach is féidir ríomhphost a chur chuig [email protected] le suíochán a chur in áirithe.

View original story

Reporting by Bill Breathnach for Galway Advertiser, funded by the News Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.

About News Room →