De réir taighde nua, tá fonn ar pháistí an Ghaeilge a fhoghlaim ach tá siad teoranta
By Conor Brummell · The Journal · 4 January 2026
Rinneadh suirbhé ar bhreis is 200 mic léinn bunscoile agus iarbhunscoile faoina gcuid tuairimí mar gheall ar fhoghlaim na Gaeilge.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
TÁ DEARCADH DEARFACH ag páistí i leith foghlaim na Gaeilge agus tá siad ag iarraidh feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga – ach tá neamhaird á dhéanamh ar a gcuid riachtanais oideachais.
Is é sin de réir comhairliúcháin atá déanta ag Sealbhú, an t-ionad taighde in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Óige.
Ullmhaíodh an taighde mar chuid den Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla , a foilsíodh i mí na Samhna.
Tá dhá thuarascáil foilsithe ag Dr Aisling Ní Dhiorbháin and Dr Patrick Burke ón OCBÁC le moltaí don rialtas.
Rinneadh suirbhé ar bhreis is 200 mac léinn i bhfócasgrúpaí ag leibhéal na bunscoile, iar-bhunscoile sóisearaigh agus iar-bhunscoile sinsearaigh.
Cuireadh ceisteanna orthu faoina gcuid tuairimí mar gheall ar fhoghlaim agus curaclam na Gaeilge, cosúil lena tuairimí faoin méid ama teagmhála atá acu leis an teanga agus na rudaí a chuireann fonn orthu a bheith ag foghlaim na teanga.
Léirítear sna tuarascálacha go bhfuil fonn ar dhaoine óga an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt ach níl an córas oideachais ag déanamh cúraim ar a gcuid riachtanais.
Ag labhairt di le The Journal faoin taighde, dúirt Dr Aisling Ní Dhiorbháin gur “chéim chun tosaigh” é an polasaí oideachais nua.
“Tuigeann leanaí agus páistí na buntáistí cultúrtha, féiniúlachta, cognaíocha agus fostaíochta a bhaineann leis an nGaeilge, ach tá frustrachas orthu leis an méid ama a fhaigheann siad chun Gaeilge a labhairt ar scoil agus lasmuigh den scoil,” a dúirt sí.
Sealbhaíonn tú teanga nuair atá go leor deiseanna agat cumarsáid a dhéanamh trí mheán na teanga sin, a dúirt sí, ach níl sé sin an chaoi ina múintear an Ghaeilge faoi láthair sna scoileanna.
Tá an iomarca béime curtha ar litríocht na Gaeilge agus bíonn an córas oideachais atá ann faoi láthair ag brath ar théacsleabhair agus scrúduithe go minic, gan béim a chur ar an nGaeilge labhartha.
Bíonn ar dhaltaí an iomarca nótaí a thógáil agus rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair sa mheánscoil agus iad ag ullmhú do na scrúduithe stáit ó ranganna sóisearach ar aghaidh.
Dar leis na daoine óga a ghlac páirt sa suirbhé, is teorainn é seo ar a gcuid oideachais Ghaeilge.
Ach mar a deir Ní Dhiorbháin, tacaíonn scríbhneoireacht agus léitheoireacht i nGaeilge le teanga a shealbhú, agus dhéanfadh sé dochar dá gheofaí réidh le litríocht na Gaeilge ar an gcóras oideachais.
“Is dócha go gcaithfimid smaoineamh ar an réimse téacsanna atá ann agus ar an mbealach go bhfuil muid ag dul i ngleic leis na téacsanna sin,” a dúirt Ní Dhiorbháin.
“Tacaíonn an léamh agus an scríobh le neartú na teanga, ach tá sé tábhachtach go mbeadh idirdhealú ann agus go mbeadh difreáil sa teagasc agus san fhoghlaim, chun cinnte a dhéanamh go bhfuilimid ag freagairt do riachtanais na bhfoghlaimeoirí ar fad,” a dúirt sí.
“Na moltaí a tháinig ó na geallsealbhóirí ná gur chóir go mbeadh polasaí eile ann don Ghaeilge atá ceangailte leis an bhfráma tagartha comónta na hEorpa um theangacha chun cabhrú le leanúnachas foghlamtha.
“Tá sé scríofa sa phlean gnímh go mbeidh grúpa oibre ag dul i mbun oibre air sin agus is dearfach an rud é sin.”
Thug breis is 100 tuismitheoir, múinteoir agus príomhoide a gcuid tuairimí mar chuid den taighde OCBÁC, agus ba mar a chéile a gcuid frustrachas leis an gcóras oideachais Ghaeilge agus na gearáin a bhí ag na mic léinn.
Tá sé molta ag na tuarascálacha níos mó tacaíochta a chur ar fáil do mhúinteoirí, agus mar a dheir Ní Dhiorbháin, bheadh sé go hiontach dá mbeadh an deis ag múinteoirí seal a chaitheamh sa Ghaeltacht chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú.
“Chonaic muid sa taighde ag leibhéal na bunscoile go minic go mbíonn easpa muiníne ar mhúinteoirí,” a dúirt Ní Dhiorbháin.
“I dtír na mBascach agus sa Bhreatain Bheag, bíonn deiseanna ag múinteoirí bliain a chaitheamh ag foghlaim na Bascaise agus na Breatnaise chun cineál uasghrádú a dhéanamh.
“Is dócha an rud is mó ná níos mó deiseanna a chur ar fáil do mhúinteoirí in Éirinn agus iad a spreagadh chun glacadh leis na deiseanna sin.”
View comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,816 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6896729; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/an-ghaeilge-6896729-Jan2026/?embedpost=6896729&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/an-ghaeilge-6896729-Jan2026/?embedpost=6896729&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/an-ghaeilge-6896729-Jan2026/?embedpost=6896729&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Conor Brummell for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →