Local news from all 26 countiesAbout us

An Roinn

By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 13 December 2025

Léiriú ar bheocht na Gaeilge na díospóireachtaí faoi leaganacha Ghaeilge de théarmaí ón saol comhaimseartha.

An account is an optional way to support the work we do. Find out more.

MÁ CHUARDAÍONN TÚ an foclóir nua Ghaeilge , ní aimseoidh tú ann an focal Ghaeilge ‘digitiúcháin’ ach is é sin an focal atá in úsáid ag an Roinn Caiteachas Poiblí, Bonneagair, Athchóirithe Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin mar leagan Ghaeilge ar an fhocal ‘digitalisation’ ina theideal.

Go deimhin, ar an suíomh údarásach, tearma.ie , atá ceangailte le focloir.ie, suíomh an fhoclóra nua, tugtar ‘digitiú’ mar leagan Ghaeilge den fhocal, ‘digitalisation’.

Mar sin féin, i bhfreagra ón Roinn ar fhiosrú ó The Journal , dúradh go raibh comhairle lorgtha ó Rannóg an Aistriúcháin ar an ábhar agus go raibh siad ag seasamh le ‘digitiúcháin’.

“Is é Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais atá údarásach ar reachtaíocht Ghaeilge agus An Caighdeán Oifigiúil agus a chuireann ar fáil na leaganacha Ghaeilge de theidil na Roinne,” dúradh sa ráiteas.

“Sa chomhthéacs seo agus ag cloí leis an gcleachtas de réir mar atá leagtha síos, chuir Rannóg an Aistriúcháin an aistriúcháin Gaeilge de theideal na Roinne ar fáil don Roinn níos luaithe i mbliana.

“Tá an Rannóg sásta go fóill gurb é seo an aistriúcháin ceart.”

Ní ró fhada ó shin go raibh conspóid mar gheall ar mhílitriú ar an bhfocal Béarla sa teideal agus a raibh greanta ar an bpláta práis taobh amuigh de phríomh dhoras na Roinne. Ba é ‘infastructure’ seachas ‘infrastructure’ a cuireadh ar an bpláta práis.

Mar thoradh ar thabhairt chun solais an mhílitriú Bhéarla, baineadh anuas an pláta práis (ná raibh ann ró fhada mar nár athraíodh ainm na Roinne go dtí mí Eanáir seo cáite) agus cuireadh ceann nua leis an fhocal litrithe i gceart ina áit.

Ní léir go mbeidh an toradh céanna ar nochtadh an scéil faoin fhocal Ghaeilge atá in amhras ar an bpláta práis céanna.

Is minic go mbíonn scéalta sna meáin Ghaeilge faoi chomharthaíocht le leaganacha míchearta d’fhocail Ghaeilge, gramadach atá aimscí nó mílitriú. Is minic freisin gur léir gur baineadh úsáid as meaisín aistriúcháin chun an leagan Ghaeilge den chomhartha a sholáthar agus cé go bhfuil feabhas ar thoradh na teicneolaíochta céanna le tamall, is minice ná a mhalairt go mbíonn toradh aisteach ar an ‘aistriúchán’ sin.

An leacht atá in airde taobh amuigh de Pháirc Uí Luasa ar Shráid an Chapaill Bhuí, páirc ar chaith an Comhairle Cátrhach €7m á athchóiriú le déanaí

Mar fhreagra ar cheist, dúradh i ráiteas ó Chomhairle Cathrach Chorcaí go raibh an “scéal á fhiosrú ag an rannóg chuí agus go n-eiseofraí freagra in am tráth”.

Ach i gcás an phláta phráis taobh amuigh den Roinn Caiteachas Poiblí, Bonneagair, Athchóirithe Seirbhíse Poiblí, tá tuairim ann gur léiriú é ar shláinte agus bheocht na Gaeilge é úsáid an fhocail ‘digitiúcháin’.

Dar le saineolaí amháin a d’oibrigh ar an bhfoclóir nua a labhair le The Journal – ach ná raibh sásta go luafaí a ainm – bionn díospóireachtaí ar an téama seo go minic idir lucht foclóra agus nach mbíonn lán an chirt ag ceachtar den dá thaobh. Dar leis d’fhéadfadh gur comhartha é ar bheocht na Gaeilge go mbíonn na díospóireachtaí seo ar siúl.

“Is féidir téama a chumadh ach, ansin, bíonn ceist le cur cad é an dóchas go nglacfaidh gnáth phobal na teanga leis, seachas na daoine atá ag obair sa spás gairmiúil agus an bhfuil sé ag cloí le gnáth treoracha stíle agus rudaí mar sin.

“Is cleachtadh coitianta le fada anois má tá ‘síniú’ ann go ndéanfaí ‘síniúcháin’, go mbeadg rudaí cosúil le ‘aistriú’ agus ‘aistriúcháin’ ann.

“Is amhlaidh gur geall le forbairt uathoibríoch é ar ainmbhriathracha a chríochnaíonn in ‘ú’ go gcuirfí ‘cháin’ leis.”

Related Reads 20,000 focal Gaeilge sa chéad chuid d’fhoclóir nua aonteangach a sheolfar inniu Fás suntasach ar an bhfáilte roimh fhógraíocht as Gaeilge in ainneoin ’bearna thuisceana’ Conspóid comharthaíochta Grand Central Station le réiteach ag an gCoimisinéir Gaeilge nua

I ráieas ó Oifig an Choimiisinéara Teanga, dúradh go raibh laghdú de 12% idir 2022 agus 2024 ar na gearáin a fuair a oifig maidir le comharthaíocht ach thug sé le fios gur “údar díomá” go raibh 23% de na gearáin a fuarthas i 2024 ag baint le comharthaíocht.

“Ceann de na laigí is mó a fheictear le comharthaíocht ná nach gcuirtear an riachtanas teanga san áireamh nuair atá comharthaí á bpleanáil,” dúirt urlabhraí an Choimisinéara.

“Tá roinnt comhlachtaí poiblí tar éis treoirleabhair a fhorbairt mar thacaíocht dá bhfoireann a bhíonn ag plé le comharthaí lena chinntiú go bhfuil próiseas dearbhaithe cáilíochta bainteach le háireamh an riachtanais teanga i bhforbairt comharthaí.

“Tá caibideal faoi leith maidir le comharthaíocht i dTreoirleabhar na hOifige seo agus atá roinnte go forleathan agus go minic leis na comhlachtaí.”

De réir an eolais sa treoirleabhar seo, tá dualgas ar chomhlachtai phoiblí a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge cruínn ar chomharthaíocht agus má bhí mílitrithe nó earráidí eile ar leaganacha Ghaeilge de théacs ar shean chomharthaí, bhí orthu iad san a cheartú roimh 1 Márta 2012.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

View 6 comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,816 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6898128; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site

600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/an-roinn-caiteachais-phoibli-bonneagair-athchoirithe-seirbhise-poibli-agus-digitiuchain-6898128-Dec2025/?embedpost=6898128&width=600&height=460" ></iframe>

400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/an-roinn-caiteachais-phoibli-bonneagair-athchoirithe-seirbhise-poibli-agus-digitiuchain-6898128-Dec2025/?embedpost=6898128&width=400&height=460" ></iframe>

300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/an-roinn-caiteachais-phoibli-bonneagair-athchoirithe-seirbhise-poibli-agus-digitiuchain-6898128-Dec2025/?embedpost=6898128&width=300&height=460" ></iframe>

By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .

View original story

Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.

About News Room →