Gaelscoileanna, scoileanna spéisíalta
By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 3 November 2025
Tá páistí thíos leis an teip múinteoirí cáilithe a mhealladh le dul ag obair sna hearnálacha seo.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Tá i bhfad níos mó folúntais do mhúinteoirí i nGaelscoileanna, scoileanna speisialta agus scoileanna DEIS ná mar atá i scoileanna náisiúnta eile ar fud na tíre, tá sé tugtha le fios i dtorthaí shuirbhé nua de chuid Cumann Múinteoirí Éireann atá foilsithe inniu.
Cé go bhfuil folúntais fad téarmacha do mhúinteoirí sa deichiú chuid (10%) de scoileanna sa mhór shruth, tá folúntais fad téarmacha do mhúinteoirí i 56% de scoileanna speisialta, 43% de Ghaelscoileanna, 35% de scoileanna DEIS banda 2 agus 32% de scoileanna DEIS banda 1.
Bhí Cumann Múinteoirí Éireann (CMÉ/INTO) ag obair i bpáirt le Gréasán na bPríomhoidí Bunscoile in Éirinn(GPBÉ) agus Cumann Bainistíochta na Scoileanna Caitliceacha agus iad i mbun an tsuirbhé seo le linn mí Dheireadh Fómhair.
Dar le hArd Rúnaí CMÉ(INTO) John Boyle, tá an Rialtas ag déanamh neamh iontas den líon seomraí ranga atá gann ar mhúinteoirí lán cáilithe.
“Bhí sé de mhuineál ag an Roinn Oideachais agus Óige a fhógairt cúpla seachtain ó shin go raibh líon na múinteoirí a bhí ag céimiú leor dhothanach go fóill,” dúirt Boyle.
“Tá teipthe go tubaisteach orthu a chur ina sheasamh an maíomh a dhéanann siad go bhfuil siad tiomanta go mbeadh rochtain ag gach páiste ar mhúinteoirí atá cáilithe agus paiseanta atá dírithe ar thacú lena bhfoghlaim.”
Dar le Boyle, tá scéal iomlán éagsúil ó leagan na Roinne á insint ag torthaí an tsuirbhé a rinne siad leis an IPPN agus ar a bhfuair siad freagraí ó 565 scoil.
Leanann an cleachtas ranganna a roinnt chun cúiteamh a dhéanamh ar mhúinteoir nár tháinig i láthair agus thuairiscigh 215 scoil go raibh ranganna roinnte acu agus gur cuireadh isteach ar 735 lá scolaíochta do dhaltaí mar gheall ar seo gan ach sé seachtaine den scoil bhliain caite.
Scoileanna san earnáil oideachais speisialta is mó atá thíos leis an easnamh. Anuas ar poist i scoileanna speisialta nach bhfuil líonta, is mó an seans go mbeidh páistí i ranganna le daoine nach bhfuil ina múinteoirí cáilithe.
Tá folúntais i 24 scoil speisialta d’ionadaithe fad téarmach agus bhí ar 65% de scoileanna múinteoir riachtanais speisialta a chur i mbun ranga eile mar gheall ar mhúinteoir a bheith ar iarraidh.
Tharla sé i dtrí scoil go raibh múinteoirí riachtanais speisialta curtha ag múineadh do ranganna eile ar 51 ócáid.
Tá 150 uair a chloig do mhúinteoirí pháirt aimseartha i 72 scoil nach bhfuil aon duine ann chun an uair a chloig sin a mhúineadh. Uaireanta chloig do mhúineadh dhaltaí riachtanais speisialta a bhformhór mór acu seo agus fágann sin páistí gan tacaíocht riachtanach.
Ceist eile a deineadh cíoradh air sa suirbhé na painéil do mhúinteoirí soláthair agus fuarthas amach go raibh 47 post gan líonadh ar na painéil seo.
Dar le hArd Rúnaí an INTO, John Boyle, tá an Róinn ag séanadh seo go fóill agus luaigh sé an ghéarchéim tithíochta mar thosca.
“Tá sé léirithe go soiléir ag an Rialtas go bhfuil siad sásta bheith i mbun na ranganna bunscoile is mó san Eoraip agus is léir go bhfuil sin, agus an córas briste chun tacaíocht a chuir ar fáil ó chúntóirí riachtanais speisialta, ag imirt tionchar ar sholáthar na múinteoirí.”
Mhol Ard Rúnaí an INTO go ndíreofaí ar mhúinteoirí a mhealladh chun poist a líonadh.
“Tá moill ar an bpróiseas margántaíochta áitiúil agus tugann seo deis don Rialtas spreagtha a thabhairt ar ais agus cinn nua a chruthú chun daoine a mhealladh i dtreo oideachas riachtanas speisialta, oideachas i scoileanna faoi mí bhuntáiste agus oideachas trí mheán na Gaeilge.”
I bhfreagra ar fhiosrú ó The Journal, dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais agus Óige go raibh breis is 75,000 múinteoir ag obair sa tír, níos mó ná 43,000 múinteoir bunscoile ina measc.
“Tugann an fhaisnéis le fios go raibh scoileanna in earnálacha na Gaelscolaíochta, Deis agus na Riachtanas Speisialta ag feidhmiú ar chomhchéim nó níos fearr fiú ná an meán chomh fada is a bhain sé leis an meán i dtéarmaí soláthar foirne de.”
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
View comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,816 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,729 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,130 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,105 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 20,846 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6861569; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/suirbhe-faoi-easpa-mhuinteoiri-chun-foluntais-fad-thearmacha-a-lionadh-6861569-Nov2025/?embedpost=6861569&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/suirbhe-faoi-easpa-mhuinteoiri-chun-foluntais-fad-thearmacha-a-lionadh-6861569-Nov2025/?embedpost=6861569&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/suirbhe-faoi-easpa-mhuinteoiri-chun-foluntais-fad-thearmacha-a-lionadh-6861569-Nov2025/?embedpost=6861569&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →