Local news from all 26 countiesAbout us

Streachailt phearsanta Moglaí Bap ó Kneecap léirithe i ndráma Gaeilge

By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 1 September 2025

Dráma aon fhir as Gaeilge é Minimal Human Contact ina dtugann Moglaí Bap ó Kneecap léargas fírinneach faoina streachailt leis an gcearrbhachas.

An account is an optional way to support the work we do. Find out more.

BHÍ AMHARCLANN SMOCK Alley lán go doras an tseachtain seo le h-aghaidh dráma Gaeilge an tseachtain seo.

An rud is annamh is iontach, deirtear, ach nuair a chloiseann tú gurb é Moglaí Bap ó Kneecap a scrígh Minimal Human Contact, dráma a ínsíonn scéal fén streachailt a raibh ag an ceoltóir roimh do bheith ina bhall den banna iomráiteach leis an gcearrbhachas, tuigeann tú cén fath cuid den chúis le na sluaite.

Is é Aisling Ghéar, an compántas amharclainne ó Bhéal Feirste a bhunaigh athair Moglaí Bap, Gearóid Ó Cairealláin, atá ag léiriú an dráma agus is í Bríd Ó Gallchóir, baintreach Ghearóid, an stiurthóir.

Tagraíonn teideal an dhráma seo, Minimal Human Contact, leis an gcleachtas a bhíonn ag casainí le cinntiú go bhfanann custaiméirí ag caitheamh a gcuid airgid go dtí go mbíonn sé go léir imithe.

Bionn tae, ceapairí agus brioscaí ar fáil saor in aisce agus, déanach san oíche, le cinntiú nach dtéann daoine abhaile, cuirtear bia Síneach ar fáil.

Seo aon fhir é seo agus is é John (Seán T. Ó Meallaigh) an pearsa lárnach. Tá roinnt comhráití ag titim amach – comhrá idir é féin agus an fear mór slándála ag an doras agus le roinnt de na cearrbhaigh eile sa chasaíne.

Saol as radharc saol an chearrbhaigh. Bionn siad istigh sa chasaíne gan aon radharc acu ar an saol lasmuigh agus tá cúis le sin. Cailleann siad gach ceangal atá acu leis an saol lasmuigh fhaid is atá siad ag cailliúint a gcuid airgid, nó i gcás ár laoch, an t-airgead a ghoid sé as tarracán a mhathair.

Bíodh is gur gadaí é John, is duine taithneamhach é ach ní ligeann sé air féin gur duine deas é agus é i mbun an meaisín roulette. Tá sé lán le néaróga – tá uimhreacha airithe aige a imríonn sé i gcónaí, de bharr gur dhein sé staidéar ar na h-algartamaí, mar dheá, agus cailleann sé £50 den £300 a ghoid sé óna mhathair in aon chasadh amháin den roth.

Ní fada go mbionn £150 caillte aige – ach ansan bíonn bua aige. Ardaíonn a chroí – ach ní mhaireann sin ach seal mar ní raibh ach codán bheag den gheall iomlán aige ar an uimhir sin agus mar sin is bua i bhfad níos lú ná mar atá sé ag súil atá ann.

Thuas seal, thíos seal a bhíonn an saol againn go léir – ach is thíos seal a bhíonn sé furmhór an ama dár gcara.

Is de bhunadh Chonamara é Seán T. Ó Meallaigh – ach líonann sé an charachtar seo ó iarthar Bhéal Feirste go h-iomlán, tá gach mír foirfe, a chanúint, a gheaitsí. Tá an seit deartha ag Mags Mulvey foirfe, bhuaigh sé gradam amharclainne an Irish Times i 2023 as ucht dearadh seite.

Táimíd taobh amuigh de chasaíne ar Shráid an Chaisleáin, an príomh shráid ó lár Bhéal Feirste go dtí an iarthar, sráid atá lán le carachtair na cathrach cois cuain. Sráid neamh gheilliúil é Sráid an Chaisleáin agus tá daoine a dhéarfadh go bhfuil cuma gruama air.

Related Reads Opinion: The British political class has it in for Kneecap - they just don’t get it

Is anseo nó congarach atá na tithe tabhairne ceoil traidisiúnta is iomráití – leithéidí, An Hercules, Kelly’s Cellar agus Maddens – ach tá taobh dorcha freisin, mar a bhíonn i ngach chathair. Is anseo a bhíonn na casaíní, siopaí lascaine, aindiúlaithe drugaí agus meisceoirí ag lorg déirce freisin.

Is píosa amharclainne lán le faobhar é seo – agus ní sparáileann an scríobhneoir é féin ó scian a phinn. Ag an deireadh, fagann sé comhairle linn. When it stops being fun, stop. Tá an dráma tiomnaithe ag an scríbhneoir dá mhathair, Aoife Ní Riain, a cailleadh cúpla bliain ó shin. Tá gach rud pearsanta.

Dráma é seo atá lán le firinne atá searbh ar uairibh – ach tá croí aige agus léiríonn sé seo go bhfuil dramaíocht na Gaeilge beo beathach, bíodh is go bhfuil sé ar an ngannchuid.

Is mór an chreidiúint é don gcompántas, an stiurthóir Bríd Ó Gallchoir, an t-aisteoir, Seán T. Ó Meallaigh agus bheifeá ag súil go bhfaigheadh siad an tacaíocht is gá chun leanúint leis an obair cheannródach seo.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

View comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 11,865 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,854 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 3,551 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,985 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,423 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,990 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 2,026 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,786 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,176 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,314 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 21,270 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6802712; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site

600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/drama-bhall-kneecap-faoin-chearrbhachas-6802712-Sep2025/?embedpost=6802712&width=600&height=460" ></iframe>

400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/drama-bhall-kneecap-faoin-chearrbhachas-6802712-Sep2025/?embedpost=6802712&width=400&height=460" ></iframe>

300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/drama-bhall-kneecap-faoin-chearrbhachas-6802712-Sep2025/?embedpost=6802712&width=300&height=460" ></iframe>

By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .

View original story

Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.

About News Room →