Féasta cheoil, spóirt is fáisnéise do lucht féachana na Nollag ar TG4
By Concubhar Ó Liatháin · The Journal · 5 December 2025
Beidh scannáin fáisnéise faoi Christy Moore, Gene Kelly agus George Best le feiscint ar TG4 le linn na Nollag.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
TÁ TÚS SPLEODRACH curtha ag TG4 lena gceiliúradh ar an Nollaig agus físeán ina bhfuil páistí ó Ghaelscoil Pheig Sayers i gCorcaigh ag canadh amhrán a chum siad féin chun beannachtaí na féile a ghuí do chách á scaipeadh acu ar na meáin soisíalta.
Réamhblaiseadh é ‘Nollag Do Chách’ ar an bhféasta atá á ullmhú ag an gcraoltóir Ghaeilge dá lucht féachana agus go leor buaic phointí ar na bacáin.
Ina measc tá mór scannán faisnéise faoi Christy Moore agus an cheithre scór bliain bainte amach aige, an uair a d’imir George Best do Cork Celtic nó scannán anamúlachta faoi faoi fia óg, Nollai, agus a chuid eachtraí trath seo na bliana.
Buaic phointe eile ar sceideal Nollag TG4 craoladh ar cheolchoirm a reáchtáladh sa Cheoláras Náisiúnta chun ceiliúradh a dhéanamh ar an Uachtarán Mícheál D Ó hUigín sular tháinig deireadh lena dhara théarma san Áras.
Agus ar Lá Nollaig leanfaidh an staisiún lena thraidisiún scánnáin faisnéise faoi réaltaí ón aimsir cháite le ceangal Éireannach a chraoladh. Roimhe seo bhí scannáin acu faoi Richard Harris agus Peter O’Toole – i mbliana is é Gene Kelly, an rínceoir iomráiteach a raibh an bhródúil faoina nasc le hÉirinn agus a thuill cáil as a ról sa scannán ‘Singin’ in the Rain’, a bheidh sa spotsholas.
Beidh deis ag an lucht féachana athchuairt a thabhairt ar imeachtaí is ócáidí móra i saol na Gaeilge is na Gaeltachta i gcaitheamh na mbliana nó beidh cláracha faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta i Rath Chairn, Corn Uí Riada, Steip agus comórtais na lúibíní is na n-agallamh beirte ag an Oireachtas chomh maith le ceolchoirm bhuaiteoirí Gradaim Ceoil TG4 ag Expo 2025 a tionóladh in Osaka na Seapáine.
Chuaigh TG4 chomh fada le Lorient na Briotáine freisin chun scannánú a dhéanamh ar an ngrúpa ildánách ‘Bláth na hÓige’ ann maraon le grúpa iomráiteach eile, Cuas. Beidh na scannáin sin le feiscint ar Lá Cinn Bliana agus an lá dár gcionn.
Craolfar Cartlann Christy Moore ar Oíche Chinn Bliana ar TG4 TG4 TG4
Ceann de na cláracha is mó a bheidh ag an lucht féachana ag súil leis ná Cartlann Christy Moore a bheidh á chraoladh ar 31 Nollaig agus sa scannán seo beidh an amhránaí is an ceoltóir a thug amhráin ar nós Lisdoonvarna agus Joxer Goes To Stuttgart dúinn ag comhrá le Liam Ó Connor chun súil siar a chaitheamh ar a shaothair ceoil.
Ar Lá Nollaig a chraolfar George Best i gCorcaigh, scannán a ínsíonn an scéal faoin uair a d’imir iar imreoir Manchester United agus Tuaisceart Éireann le Cork Celtic leath chéad bliain ó shin. Ní raibh 30 bliain slánaithe aige nuair a d’imir sé trí chluiche le Cork Celtic ar IR£1000 an bhabhta ach d’aithin go leor a bhí sa slua go raibh an chuid is fearr dá shaol imeartha ar a chúl – ach tháinig siad chuig an chluiche ina sluaite agus fuair an cumann a chuid airgid ar ais agus tuilleadh le cois.
Related Reads Here are some of the TV highlights this festive season
Beidh scannáin as Gaeilge ar nós An Cailín Ciúin, Roise agus Frank agus Fidil Ghorm á dtaispeáint maraon le scannáin clasaiceacha ar nós O Brother, Where Are Thou, Die Hard, Guess Who’s Coming To Dinner agus African Queen go léir le feiscint ar an gcainéal. Do na páistí tá Kung Fu Panda, Shrek, Ice Age – Continental Drift agus Dr Seuss’ The Lorax ar an gclár.
Becky Ní Éalaithe, a bhuaigh an príomh dhuais don damhsa ar an sean nós, ag an Oireachtas i mBéal Feirste an mhí seo cáite. TG4 TG4
Scannán ar leith le téama féilteach a bheidh na súile in airde ag go leor ar a shon ná Nollaí(Lá Nollag), fia a théann ar aistear chun a fháil amach cé h-é féin agus a dheineann dearúd ar an teaghlach a thóg é.
Beidh deis ag lucht leanúna an spórt suí siar agus sult a bhaint as chluichí móra na bliana arís freisin. Beidh cláracha le buaicphointí ó chluichí ceannais na hÉireann sa pheil, san iomáint agus an cluiche leath cheannais i bpeil na mban idir Átha Cliath agus Gaillimh.
Beidh go leor cluichi rugbaí beo le feiscint freisin agus na coimhlintí idir chúige go mór chun tosaigh le beochraoladh ar Laighean in aghaidh Chonnacht chomh maith le cluichí eile ón gCraobh Rugbaí Aontaithe.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
View comments Send Tip or Correction var newest_articles = [{"id":7166257,"title":"Stephen McCullagh (36) accused of covertly recording 12 women","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/stephen-mccullagh-stand-trial-multiple-charges-voyeurism-7166257-Sep2026\/","stats":" 10,282 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/belfast-crown-court\/news\/","name":"belfast crown court"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166281,"title":"Have you started your Christmas shopping?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/early-christmas-shopping-poll-7166281-Sep2026\/","stats":" 1,816 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-daily-poll\/news\/","name":"The Daily Poll"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166256,"title":"Swimmer dies after shark attack off popular Perth beach","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/swimmer-dies-shark-attack-sorrento-beach-perth-western-australia-7166256-Sep2026\/","stats":" 2,905 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/western-australia\/news\/","name":"Western Australia"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164180,"title":"If you were on The Traitors right now, what would you do to win? We want to hear from readers","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/the-traitors-ireland-final-what-would-you-do-7164180-Sep2026\/","stats":" 14,887 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/strategy-time\/news\/","name":"Strategy Time"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166241,"title":"The 9 at 9: Friday","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9-friday-75-7166241-Sep2026\/","stats":" 1,300 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/9-at-9\/news\/","name":"9 at 9"},"image":" ","no_image":""},{"id":7154367,"title":"How is your budget looking at the moment? Would you like to keep a Money Diary for us?","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/readme\/money-diaries-spending-saving-100-7154367-Sep2026\/","stats":" 8,953 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/how-i-spend-my-money\/news\/","name":"How I Spend My Money"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166223,"title":"UN mission says 'grounds to believe' US committed war crime in strike on Iran school","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/un-experts-grounds-believe-us-war-crimes-strikes-iran-school-7166223-Sep2026\/","stats":" 1,922 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/united-nations\/news\/","name":"United Nations"},"image":" ","no_image":""}]; var popular_articles = [{"id":7164946,"title":"Man arrested in connection with assault on TD Michael Healy-Rae while in his car in Dublin","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/michael-healy-rae-released-hospital-assault-dublin-7164946-Sep2026\/","stats":" 35,786 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin\/news\/","name":"Dublin"},"image":" ","no_image":""},{"id":7164906,"title":"Catherine Connolly says private meeting with King Charles was 'very interesting'","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/catherine-connolly-king-charles-7164906-Sep2026\/","stats":" 23,176 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/scotland\/news\/","name":"Scotland"},"image":" ","no_image":""},{"id":7165679,"title":"Paid parking at Blanchardstown Shopping Centre gets green light despite local opposition","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/paid-parking-blanchardstown-shopping-centre-an-coimisiun-pleanala-7165679-Sep2026\/","stats":" 22,314 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/price-to-pay\/news\/","name":"Price to pay"},"image":" ","no_image":""},{"id":7166069,"title":"Road closures on Friday and Saturday for EU presidency event with high-profile guests","permalink":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-road-closures-friday-7166069-Sep2026\/","stats":" 21,270 Views ","primary_tag":{"slug":"https:\/\/www.thejournal.ie\/dublin-city-centre\/news\/","name":"Dublin city centre"},"image":" ","no_image":""}]; if( typeof(current_post_id) != 'undefined' && !isNaN(current_post_id)) { var current_article_id = current_post_id; } else { var current_article_id = 6893266; } jQuery(document).ready(function($){ var div_read_next = $('#storage_read_next_bottom'); if (typeof readNext != 'undefined') { readNext.display_read_next_block(div_read_next); } }); Embed this post To embed this post, copy the code below on your site
600px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/feasta-na-nollag-ar-tg4-6893266-Dec2025/?embedpost=6893266&width=600&height=460" ></iframe>
400px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/feasta-na-nollag-ar-tg4-6893266-Dec2025/?embedpost=6893266&width=400&height=460" ></iframe>
300px wide <iframe width="600" height="460" frameborder="0" style="border:0px;" src="https://www.thejournal.ie/https://www.thejournal.ie/feasta-na-nollag-ar-tg4-6893266-Dec2025/?embedpost=6893266&width=300&height=460" ></iframe>
By continuing, you are indicating that you accept our Terms of Service and Privacy Policy .
Reporting by Concubhar Ó Liatháin for The Journal , funded by the Local Democracy Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.
About News Room →