Local news from all 26 countiesAbout us

Bainisteoir straitéise digití agus cuntais á lorg

By Bill Breathnach · Galway Advertiser · 19 November 2026

Tá post buan do Bhainisteoir Straitéise Digití agus Cuntais fógartha ag an gcomhlacht Lorg Media, comhlacht atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe.

Is gníomhaireacht chruthaitheach cumarsáide agus margaíochta í Lorg Media a bhfuil réimse leathan oibre curtha i gcrích le comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí ar fud na n-ealaíon, an chultúir agus earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.

Tá iarrthóirí á lorg a bhfuil taithí mhaith acu, atá ag iarraidh cabhrú leis an bhfoireann timpeall orthu a neartú agus páirt thábhachtach a ghlacadh sa chéad chéim eile d’fhás Lorg Media.

Is féidir tuilleadh eolais a fhail faoin bpost ach teagmháil a dhéanamh le hOrla King ag 087-9845057 nó earcaí [email protected] . Is é Dé Céadaoin, 25 Samhain ag 4.00i.n. an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais.

View original story

Reporting by Bill Breathnach for Galway Advertiser, funded by the News Reporting Scheme. Republished by News Room under the scheme’s reuse permission.

About News Room →